Ansin d'imir an té a bhí ina shuí ar an néal a chorrán ar fhómhar an domhain agus baineadh fómhar an domhain.
Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne.
Ansin bhí fís agam agus b'shiúd an néal geal agus ina shuí ar an néal, neach mar mhac duine, agus coróin óir ar a cheann agus corrán géar ina lámh.
Agus tháinig aingeal eile amach ón teampall, ag glaoch in ard a ghutha ar an té a bhí ina shuí ar an néal, á rá: “Sáigh isteach do chorrán agus bain; óir tá aimsir an fhómhair tagtha agus tá fómhar an domhain seanabaí.”
Ansin tháinig aingeal eile amach ón teampall sna flaithis agus corrán géar aigesean chomh maith.
Agus d'imir an t‑aingeal a chorrán ar an domhan, agus bhailigh sé fómhar fíniúna an domhain, agus theilg sé é i gcantaoir mhór feirge Dé.