Bhí an dragan, más ea, i bhfearg leis an mbean, agus d'imigh sé leis chun cogadh a fhearadh ar an gcuid eile dá sliocht, iad siúd a choimeádann aitheanta Dé agus a thugann fianaise ar Íosa.
“Má tá geibheann i ndán d'aon duine, i ngéibheann a rachaidh sé. Má tá aon duine le bás a fháil le faobhar claímh, ní foláir é a bhású le claíomh. Anseo a éilítear foighne agus creideamh na naomh.”
Is eol dom cá bhfuil cónaí ort, mar a bhfuil ríchathaoir Shátain; agus coinníonn tú m'ainm agus níor thréig tú do chreideamh ionam fiú i laethanta Aintipeas, an finné dílis liom a cuireadh chun báis ar an mbaile agaibh, mar a bhfuil cónaí ar Shátan.
De bhrí gur choinnigh tú focal m'fhoighne, coinneoidh mise thusa ó uair an chathaithe, atá le teacht ar an domhan go léir, chun lucht áitrithe an domhain a phromhadh.
Is eol dom d'oibreacha. Féach! chuir mé doras ar leathadh romhat, nach féidir d'aon duine a dhúnadh, óir is beag é an neart atá agat ach choinnigh tú m'fhocal agus níor shéan tú m'ainm.