Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 13:12

An Bíobla Naofa 1981

Tá cumhacht uile an chéad bheithígh aige seo á cur i bhfeidhm ina láthair; agus cuireann sé faoi deara don domhan, agus do gach duine a áitíonn ann, sléachtadh le hómós don chéad bheithíoch a bhfuil an ghoin bháis air leigheasta.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

an t‑áibhirseoir a ardaíonn é féin os cionn gach neach atá in ainm bheith ina Dhia nó ina dhíol ómóis, go dtí go suíonn sé faoi i dteampall Dé agus é a mhaíomh gur Dia é féin.

Agus an beithíoch a chonaic mé ba chuma é nó liopard agus a chosa mar chosa beithre, agus a bhéal mar bhéal leoin; agus thug an dragan dó a neart agus a ríchathaoir agus a mhórchumhacht.

Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.

Tá deatach a bpianta ag éirí aníos ar feadh na síoraíochta. Ní bhíonn sos isló ná istoíche ag an dream a shléachtann le hómós don bheithíoch agus dá dhealbh ná ag aon duine a ghabhann marc a ainm chuige.”

Lean aingeal eile iad, an tríú ceann, agus é ag glaoch go hard á rá: “Má shléachtann aon duine don bheithíoch agus dá dhealbh agus a chomhartha a ghabháil chuige ar a éadan nó ar a lámh,

Agus d'imigh an chéad aingeal agus dhoirt sé a shoitheach ar an talamh; agus tháinig drochneascóid nimhneach ar na daoine ar a raibh marc an bheithígh agus a shléachtadh le hómós dá dhealbh.

“An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagan agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Agus iad siúd d'áitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht.

Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh.

Agus chonaic mé na ríchathaoireacha agus daoine ina suí iontu ar tugadh údarás breithiúnais dóibh; agus chonaic mé anamacha an dreama úd a dícheannadh ar son a bhfianaise ar Íosa agus ar son bhriathar Dé, nár shléacht don bheithíoch ná dá dhealbh, agus nár ghlac a mharc ar a n‑éadan ná ar a lámh. Tháinig an t‑anam iontu agus rialaigh siad míle bliain le Críost.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí