Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 12:7

An Bíobla Naofa 1981

Ansin bhris cogadh amach sna flaithis, níor mhór do Mhícheál agus dá chuid aingeal troid leis an dragan. D'fhreagair an dragan agus a chuid aingeal an cath,

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Lig sé amach orthu racht a fheirge, a chuthach agus a fhraoch agus a chonfa; slua de thimirí na tubaiste,

Óir tá mo chlaíomh ar maos sna spéartha... Féach, tá sé ag tuirlingt ar Eadóm, ar an gcine atá daortha damhnaithe agam.

Is amhlaidh atá tú mar fhinné agam do na ciníocha, i do cheannaire agus i do cheann comhairle ar na náisiúin.

Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileoidh siad gach ábhar scannail as a ríocht agus na daoine a thaobhaíonn an t‑olc,

Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne.

Agus cuirfidh sé a chuid aingeal amach le trumpa mórghlórach ag bailiú a chuid tofach as na ceithre hairde, ó cheann ceann na bhflaitheas.”

Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.

Nó an é is dóigh leat nach féidir dom achainí a dhéanamh ar m'Athair, a chuirfeadh ar fáil dom anois féin níos mó ná dhá léigiún déag aingeal?

Agus le heagla go gcuirfeadh na foilsithe iontacha sin an iomarca éirí in airde orm, cuireadh bior sa bheo ionam, teachtaire ó Shátan chun mé a ghreadadh ar shlí nach dtiocfadh aon éirí in airde orm.

Mar ní le naimhde daonna atáimid i ngleic ach le tiarnais agus cumhachtaí agus rialtóirí domhain seo an dorchadais, le hainspridí na bhflaitheas.

agus faoiseamh ón leatrom a thabhairt daoibhse agus dúinne araon, rud a dhéanfaidh sé nuair a nochtfaidh an Tiarna Íosa ó neamh chugainn agus a aingil chumhachtacha lena chois.

Ag seoladh mórán mac chun na glóire dó ba chuí don Té, ar dó agus ar tríd atá an uile ní ann, a gceannródaí ar bhóthar an tslánaithe a thabhairt chun foirfeachta le peannaidí.

Murar lig Dia leis na haingil nuair a pheacaigh siad, ach iad a chartadh síos go hifreann agus a thabhairt suas do na pluaiseanna gruama laistíos le coinneáil go lá an bhrátha;

Ach nuair a bhí Mícheál Ardaingeal ag achrann leis an diabhal agus ag aighneas leis faoi chorp Mhaois, níor leomhaigh sé breith aithiseach a thabhairt air siúd, ach dúirt: “Go smachtaí an Tiarna thú.”

ach ní rug siad bua, agus ní bhfuarthas a n‑ionad sna flaithis feasta.

An dragan mór, an nathair nimhe chianaosta, an té ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té a mheallann an saol go léir, teilgeadh chun na talún é, agus teilgeadh a aingil mar aon leis.

Agus tugadh cead dó cogadh a fhearadh ar na naoimh, agus iad a chloí; agus tugadh údarás dó ar gach treibh agus pobal agus teanga agus cine.

Fuair sé an lámh in uachtar ar an dragan, an nathair nimhe chianaosta, an té is Diabhal agus is Sátan, chuir sé faoi chuibhreacha é ar feadh míle bliain,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí