Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 12:17

An Bíobla Naofa 1981

Bhí an dragan, más ea, i bhfearg leis an mbean, agus d'imigh sé leis chun cogadh a fhearadh ar an gcuid eile dá sliocht, iad siúd a choimeádann aitheanta Dé agus a thugann fianaise ar Íosa.

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.”

ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”

Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.

I dtaca liomsa, a bhráithre, nuair a tháinig mé chugaibh, níor tháinig mé ag fógairt [rúndiamhair] Dé le hardnós cainte ná eagna.

Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n‑áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh.

Agus is mar seo atá fhios againn go n‑aithnímid é, a aitheanta a choinneáil.

An té a chreideann i Mac Dé tá an teastas sin aige ina chroí istigh; an té nach gcreideann i nDia, bréagnaíonn é mar nach gcreideann sé an teastas a thug Dia ar a Mhac féin.

Is mar seo is feasach dúinn go dtugaimid grá do chlann Dé, nuair a thugaimid grá do Dhia agus nuair a chomhlíonaimid a aitheanta.

thug seisean fianaise ar bhriathar Dé agus ar fhianaise Íosa Críost de réir mar a chonaic sé.

Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus san fhoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa.

Agus ar gcríochnú a bhfianaise dóibh, an beithíoch a éiríonn aníos as an duibheagán, fearfaidh sé cogadh orthu agus cloífidh iad agus maróidh iad.

Ach tháinig an talamh i gcabhair ar an mbean, agus d'oscail an talamh a chraos agus shlog sé an abhainn a sceith an dragan as a bhéal.

Agus tugadh cead dó cogadh a fhearadh ar na naoimh, agus iad a chloí; agus tugadh údarás dó ar gach treibh agus pobal agus teanga agus cine.

Anseo a éilítear foighne na bhfíréan a choimeádann aitheanta Dé agus creideamh in Íosa.

Fearfaidh siad sin cogadh ar an Uan, ach cloífidh an tUan iad mar is é sin tiarna na dtiarnaí agus rí na ríthe; agus a lucht leanúna, is iadsan an lucht a glaodh, na tofaigh, na dílsigh.”

Agus chonaic mé an bhean agus í ar meisce le fuil na naomh agus le fuil finnéithe Íosa. Arna feiceáil dom ghabh ionadh thar na bearta mé.

A fhlaitheasa, a naomha, agus a aspala agus a fháithe, bíodh lúcháir oraibh dá barr. Óir thug Dia a bhreith uirthi, breith ar bhur son.”

Agus chaith mé mé féin ag a chosa á adhradh. Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre a bhfuil fianaise Íosa acu. Déan Dia a adhradh. Óir is ionann spiorad na fáidheoireachta agus fianaise Íosa.”

Agus chonaic mé an beithíoch, agus ríthe an domhain, agus a sluaite arna dtóstal chun cogadh a fhearadh ar an marcach agus ar a shlua-san.

Agus chonaic mé na ríchathaoireacha agus daoine ina suí iontu ar tugadh údarás breithiúnais dóibh; agus chonaic mé anamacha an dreama úd a dícheannadh ar son a bhfianaise ar Íosa agus ar son bhriathar Dé, nár shléacht don bheithíoch ná dá dhealbh, agus nár ghlac a mharc ar a n‑éadan ná ar a lámh. Tháinig an t‑anam iontu agus rialaigh siad míle bliain le Críost.

Is méanar dóibh siúd a níonn a n‑éidí, chun go mbeadh ceart acu chun crann na beatha, agus dul na geataí isteach don chathair.

Nuair a d'oscail sé an cúigiú séala, chonaic mé faoin altóir a n‑anmacha uile úd a maraíodh ar son bhriathar Dé agus ar son na fianaise a thug siad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí