Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 12:12

An Bíobla Naofa 1981

Uime sin, bíodh lúcháir oraibh a fhlaitheasa, agus sibhse a chónaíonn iontu. Is mairg don talamh, agus don fharraige, óir chuaigh an diabhal síos chugaibh faoi chuthach feirge agus a fhios aige nach bhfuil aige ach uain ghearr.”

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

A spéartha, liúirígí le háthas, mar tá an Tiarna i mbun gnímh. Scairtigí amach, a dhuibheagáin na talún! A shléibhte, ceolaigí le háthas, agus tusa freisin, a fhoraois, agus gach crann atá ionat! Óir tá an Tiarna tar éis Iacób a scaoileadh saor agus a ghlóir a fhoilsiú in Iosrael!

Canaigí le lúcháir, a spéartha, agus déan gairdeas, a thalaimh! a shléibhte, gairigí amach bhur racht áthais! Óir tá an Tiarna ag tabhairt sóláis dá mhuintir agus ag glacadh trua dá chlann dearóil.

Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingeal Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.”

“Glóir do Dhia in uachtar neimhe, agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!”

“I gceann tamaillín bhig eile tiocfaidh an Té atá le teacht agus ní dhéanfaidh sé moill.

Ach ná déanaigí dearmad den phointe seo, a chairde cléibh, gur cuma aon lá amháin leis an Tiarna nó míle bliain, agus míle bliain nó aon lá amháin.

mhionnaigh sé dar an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, an té a chruthaigh na flaithis agus a bhfuil iontu, agus an talamh agus a bhfuil air, agus an fharraige agus a bhfuil inti; mhionnaigh sé: “Ní bheidh moill ann feasta,

agus gairdeas ar áitritheoirí an domhain ina dtaobh. Cuirfidh siad tabhartais chun a chéile mar gur chiap an bheirt fháidh seo áitritheoirí an domhain.”

Tá an dara mairg imithe léi. Féach, tá an tríú mairg ag teacht gan mhoill.

An dragan mór, an nathair nimhe chianaosta, an té ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té a mheallann an saol go léir, teilgeadh chun na talún é, agus teilgeadh a aingil mar aon leis.

D'oscail sé a bhéal do mhaslaí in aghaidh Dé, chun a ainm a mhaslú, agus a áitreabh agus cách a bhfuil a n‑áitreabh acu sna flaithis.

A fhlaitheasa, a naomha, agus a aspala agus a fháithe, bíodh lúcháir oraibh dá barr. Óir thug Dia a bhreith uirthi, breith ar bhur son.”

Ansin i bhfís dom chuala mé iolar ag glaoch go hard agus é ag eitilt in arda neimhe: “Mairg, mairg, mairg dá bhfuil ag áitreabh ar thalamh, de bharr ghlór na dtrumpaí eile atá le séideadh ag na trí haingil.”

Tá mairg a haon imithe léi. Féach, seo dhá mhairg eile le teacht fós.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí