Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 12:1

An Bíobla Naofa 1981

Ansin thaibhsigh an comhartha mór sa spéir, bean a raibh an ghrian mar bhrat uimpi agus an ghealach faoina cosa agus coróin de dhá réalta déag ar a ceann.

Féach an chaibidil Cóip

35 Tagairtí Cros  

Fiú amháin i gcás na dteachtairí ó thaoisigh na Bablóine a tháinig chun ceist a chur faoin rud iontach a tharla sa tír, níor thréig Dia é ach lena phromhadh agus le rúin a chroí a fháil amach.

tá tú gléasta le solas mar le fallaing. Leath tú na spéartha mar bhrat botha;

B'fhearr liom aon lá amháin i do chúirteanna ná míle lá in aon áit eile. B'fhearr liom bheith ar thairseach theach Dé ná bheith i mo chónaí i mbothanna na bpeacach.

“Cé hí seo chugainn mar fháinne an lae, gealach ar áille, grian ar loinnir, chomh huafar le cathshlua?”

“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.

Beidh tú i do choróin taibhseach i láimh an Tiarna, i do cheannbheart ríoga ar bhois do Dhé.

An lá sin, sábhálfaidh an Tiarna, a nDia, iad, a phobal féin, mar thréad caorach. Óir beidh siad ag drithliú ar a thalamh amhail seoda corónach.

Ansin labhair cuid de na scríobhaithe agus de na Fairisínigh leis: “B'áil linn, a Mhaistir,” ar siad, “comhartha a fheiceáil uait.”

Agus ansin feicfear comhartha Mhac an Duine sna flaithis, agus ansin beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní agus feicfear Mac an Duine ag teacht ar scamaill na bhflaitheas le cumhacht agus iomad glóire.

agus beidh na réaltaí ag titim ón spéir, agus beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith.

Beidh maidhmeanna móra talún ann, agus gortaí agus plánna anseo is ansiúd; beidh tuartha uafáis ann agus comharthaí móra ón spéir.

“Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis ar na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige;

An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile; ach cara an chéile, atá ina sheasamh ag éisteacht leis, tagann racht áthais air de bharr guth an chéile. An t‑áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán.

Déanfaidh mé éachtaí sa spéir in airde agus iontais ar an talamh thíos. Beidh fuil ann agus tine agus gal deataigh.

Agus cuirigí oraibh an Tiarna Íosa Críost mar éide agus ná bígí ag déanamh cúraim den cholainn d'fhonn a hainmhianta a shásamh.

Trí chreideamh in Íosa Críost téann an fhíréantacht seo Dé i gcion ar an uile dhuine a bhfuil an creideamh aige. Níl aon dealú ann,

Táim ag éad libh mar a bheadh Dia féin, mar tá sibh luaite agam le Críost mar a bheadh maighdean gheanmnaí á tabhairt dá haon fhear céile.

Gach duine agaibh a baisteadh i gCríost, tá Críost curtha uime aige mar éide.

Is saorbhean, áfach, an Iarúsailéim neamhaí, agus is ise is máthair dúinne

Nár lige Dia go ndéanfainnse maíomh as rud ar bith ach amháin as crois ár dTiarna Íosa Críost, an chros trína bhfuilimse céasta i dtaca leis an saol agus trína bhfuil an saol céasta i dtaca liom.

Is mór an rúndiamhair í seo, ach is á tagairt atáimse do Chríost agus don Eaglais.

Maidir le rúndiamhair na seacht réalta a chonaic tú ar mo dheasláimh, agus na seacht gcoinnleoirí óir, is iad na seacht réalta aingil na seacht n‑eaglaisí, agus is iad na seacht gcoinnleoirí na seacht n‑eaglaisí.

Ansin osclaíodh teampall Dé ar neamh, agus bhí radharc ar áirc a chonartha ina theampall agus tharla tintreacha, agus glórtha agus toirneacha, agus crith talún agus a lán clocha sneachta.

Ansin thaibhsigh an dara comhartha sa spéir, féach, dragan mór dearg le seacht gceann agus deich n‑adharc agus seacht gcoróin ar a chinn.

Ansin chonaic mé comhartha eile sna flaithis, é mór iontach: seacht n‑aingeal agus seacht bplá acu, na cinn deiridh, mar is iontusan a tugadh fearg Dé chun a críche.

Agus dhá chloch déag bhoinn faoi mhúr na cathrach, agus orthusan dhá ainm déag dháréag aspal an Uain.

Agus ní gá don chathair grian ná gealach chun soilsiú uirthi, mar is í glóir Dé ba sholas di, agus ba é an tUan a lóchrann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí