Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 11:3

An Bíobla Naofa 1981

Ach fágfaidh mé faoi mo bheirt fhinné é, agus beidh siad ag fáidheoireacht ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá, agus iad gléasta i sacéadaí.

Féach an chaibidil Cóip

43 Tagairtí Cros  

Stróic Iacób a chuid éadaigh ansin, chuir sé brat íochtair róin air féin, agus chaoin sé a mhac ar feadh mórán laethanta.

Dúirt Dáiví ansin le Ióáb agus leis na saighdiúirí go léir a bhí ina theannta: “Stróicigí bhur gcuid éadaigh, cuirigí sacéadach umaibh, agus déanaigí caoineadh os comhair Aibnéar.” Shiúil Dáiví i ndiaidh an chróchair.

Nuair a chuala Acháb na focail sin, stróic sé a chuid éadaigh agus chuir sacéadach lena chneas agus rinne sé troscadh; chodlaíodh sé sa sacéadach agus shiúladh sé de choiscéim mhall.

Nuair a chuala Hiziciá rí é sin, stróic sé a éidí agus chlúdaigh é féin le héadach róin agus chuaigh isteach i dTeampall an Tiarna.

D'ardaigh Dáiví a shúile agus chonaic sé aingeal an Tiarna ina sheasamh idir neamh agus talamh, agus claíomh nocht ina láimh aige sínte amach i dtreo Iarúsailéim. Ansin Dáiví agus na seanóirí, agus iad gléasta in éadach róin, thit siad ar a mbéal agus ar a bhfiacla.

Ar an gceathrú lá fichead den mhí seo chruinnigh clann Iosrael le chéile le troscadh a dhéanamh in éadach róin agus luaithreach ar a gceann.

D'fhuaigh mé éadach róin ar mo chraiceann Agus sádh mo cheann sa lathach.

Nuair a chiap mé m'anam le troscadh chaith siad achasán liom dá chionn.

Bhí an Tiarna Dia na Slua ag glaoch oraibh an lá sin chun caoineadh a dhéanamh agus mairgneach, chun sibh féin a bhearradh agus éadach róin a chur oraibh.

a réabadh aníos agus a leagan síos, a mhilleadh agus a scriosadh, a thógáil agus a phlandú.”

Tá seanóirí iníon Shíón ina suí ar an talamh ina dtost, luaithreach caite ar a gceann acu agus iad gléasta in éadach róin; tá a gceann cromtha go talamh ag maighdeana Iarúsailéim.

Ar a gcur siúd i gcrích duit, luífidh tú síos arís, ar do thaobh deas an turas seo, agus iompróidh tú pionós mhuintir Iúdá daichead lá. Leag mé ort lá amháin in aghaidh gach bliana.

Cuirigí sacéadach oraibh, a shagarta, agus canaigí caoineadh! Déanaigí olagón, a lucht friotháilte na haltóra! Téanaigí, caithigí an oíche i sacéadach, a fhriothálaithe mo Dhé, mar tá an ofráil arbhair agus an íobairt dí díbeartha as teach bhur nDé.

nuair a chreid muintir Nínivé i nDia. D'fhógair siad troscadh agus chuir siad go léir, idir uasal agus íseal sacéadach orthu féin.

Cuireadh idir dhaoine agus ainmhithe sacéadach orthu féin agus glaoidís os ard ar Dhia. Tréigeadh cách a ndrochiompar agus cuiridís díobh an lámh láidir.

D'fhan beirt fhear sa champa - Ealdad a ba ainm do dhuine díobh agus Méadad a ba ainm don duine eile. Luigh an spiorad orthu; cé nach ndeachadar go dtí an Bhoth cláraíodh a n‑ainmneacha leis an gcuid eile. Chromadar ar fháidheoireacht sa champa.

“Is mairg duit, a Chorazaín! is mairg duitse, a Bhéatsáidean! Óir, dá mba sa Tuíre agus i Síodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu faoi éadach saic agus faoi luaithreach.

Má éisteann sé leat, tá tú tar éis do bhráthair a thabhairt leat;

“Is mairg duit, a Chorazáin! is mairg duitse, a Bhéatsáide! Óir, dá mba sa Tuír agus sa tSíodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu, iad in éadach saic agus ina suí sa luaithreach.

Is finnéithe sibhse ar na nithe seo.

Déanann sibhse fianaise freisin, mar bhí sibh in éineacht liom ó thosach.

D'fhreagair Eoin: “Ní féidir do dhuine aon ní a ghlacadh,” ar sé, “mura dtugtar dó ó neamh.

Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”

agus ar feadh mórán laethanta chonacthas é dóibh sin a tháinig anuas leis ón nGailíl go Iarúsailéim agus is finnéithe anois iad air os comhair an phobail.

Thóg Dia an Íosa seo ó mhairbh, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air.

Chuir sibh taoiseach na beatha chun báis! Thóg Dia ó mhairbh é, áfach, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air.

San eaglais tá daoine áirithe ceaptha ag Dia ina n‑aspail sa chéad áit; sa dara háit tá na fáithe; sa tríú háit tá na múinteoirí; ansin tá lucht míorúiltí agus ina ndiaidh sin tá lucht leighis, lucht freastail, lucht stiúrtha, agus lucht teangacha éagsúla.

Is é seo an tríú huair agam ag teacht chugaibh. “Deimhneofar gach scéal ar fhocal a dó nó a trí d'fhinnéithe.”

Agus is eisean a thug do dhaoine áirithe bheith ina n‑aspail, do dhaoine eile bheith ina bhfáithe, do dhaoine eile bheith ina soiscéalaithe, agus do dhaoine eile fós bheith ina n‑aoirí agus ina múinteoirí,

Ní ceadmhach duine a chur chun báis ach ar fhianaise bheirt nó triúr finné; ní ceadmhach duine a chur chun báis ar fhianaise aon fhinné amháin.

“Ní leor aon fhinné amháin chun duine a dhaoradh i bpeaca nó i gcoir d'aon sórt a rinne sé; cibé coir a bhíonn i gceist is gá fianaise bheirt fhinné nó triúr chun aon chúis a dhearbhú.

agus ó Íosa Críost an finné dílis, an chéadghin ó mhairbh, rialtóir ríthe an domhain. Don té a bheir grá dúinn, agus a scaoil sinn ónár gcionta trína fhuil féin,

ach cúirt sheachtrach an teampaill, ná bac léi, agus ná tomhais í mar tugadh í do na ciníocha agus satlóidh siad ar an gcathair naofa faoina gcosa ar feadh dhá mhí agus daichead.

Tá sé de chumhacht acu na spéartha a iamh i dtreo nach mbeadh aon bháisteach ann le linn laethanta a bhfáidheoireachta; agus tá de chumhacht acu na huiscí a iompú ina bhfuil, agus an talamh a bhualadh le gach sórt plá a mhinice agus is mian leo.

Ach theith an bhean léi chun an fhásaigh mar a raibh ansiúd aice áit ullamh ag Dia chun go gcuirfí cóir uirthi ar feadh míle dhá chéad agus trí fichid lá.

Agus tugadh béal don bheithíoch le diamhaslaí móra a chur as agus tugadh de chead dó sin a dhéanamh ar feadh dhá mhí agus daichead.

Agus chaith mé mé féin ag a chosa á adhradh. Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre a bhfuil fianaise Íosa acu. Déan Dia a adhradh. Óir is ionann spiorad na fáidheoireachta agus fianaise Íosa.”

Agus chonaic mé na ríchathaoireacha agus daoine ina suí iontu ar tugadh údarás breithiúnais dóibh; agus chonaic mé anamacha an dreama úd a dícheannadh ar son a bhfianaise ar Íosa agus ar son bhriathar Dé, nár shléacht don bheithíoch ná dá dhealbh, agus nár ghlac a mharc ar a n‑éadan ná ar a lámh. Tháinig an t‑anam iontu agus rialaigh siad míle bliain le Críost.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí