Apacailipsis (Taispeántadh) 11:16An Bíobla Naofa 1981Agus an ceathrar seanóirí ar fhichid a bhí ina suí ina ríchathaoireacha os comhair Dé, chaith siad iad féin ar a mbéala agus thug siad adhradh do Dhia Féach an chaibidil |
Agus i gcónaí nuair a thugann na dúile glóir agus onóir agus buíochas don té atá ina shuí sa ríchathaoir, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, sléachtann an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an té atá ina shuí sa ríchathaoir, agus adhrann siad an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, agus caitheann a gcorónacha síos os comhair na ríchathaoireach á rá: