Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 10:3

An Bíobla Naofa 1981

agus ghlaoigh sé de ghlór ard mar leon ag búireadh. Agus nuair a ghlaoigh, labhair na seacht dtoirneach lena nglór ar leith féin.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Tá glór an Tiarna ar an uisce, tá Dia na glóire ag toirneach, tá an Tiarna os cionn na n‑uiscí móra.

Is geall le glam leoin fearg rí, ach le drúcht ar fhéar a ghnaoi.

Sea, is mar seo a dúirt an Tiarna liom: Mar a bheadh leon nó coileán leoin ag gnúsacht os cionn a chreiche, agus na haoirí á ngairm amach líon a slua ina choinne, gan scáth a theacht air lena scairteach, ná scaoll lena gcallán, is amhlaidh a thiocfaidh Tiarna na Slua anuas chun catha ar shliabh Shíón agus ar a chnocán ard.

Tá an Tiarna ag triall amach mar bheadh laoch ann, tagann riastradh air mar a thiocfadh ar ghaiscíoch; cuireann sé an gháir chatha as, tógann sé liú, agus ar aghaidh leis ina laoch i gcoinne a naimhde.

Búirthíl leoin bhaininn atá aige, agus béicíl mar bheadh coileán leoin ann; ligeann sé glam agus beireann ar a chreach, ardaíonn sé leis í agus níl duine ann chun í a bhaint de.

“Tairngir thusa ina n‑aghaidh na briathra seo uile, agus abair leo: ‘Nuallann an Tiarna ón ard, labhraíonn sé óna shanctóir naofa; béiceann os ard in aghaidh a chró caorach; ligeann gáir amhail an dream a shiúlann ar na caora. Cluineann áitritheoirí uile na talún an tormán;

Bhí fuaim sciatháin na gceiribiní le clos fad leis an gcúirt sheachtrach, dála ghuth Dé Uilechumhachtaigh nuair a labhraíonn sé.

Gluaisfidh siad i ndiaidh an Tiarna. Búirfidh seisean mar leon, agus nuair a bhúirfidh, rithfidh a chlann mhac chuige ón iarthar agus a gcroí ag preabadh.

Agus dúirt sé: Tá an Tiarna ag búiríl ó Shíón, ag labhairt os ard ó Iarúsailéim. Tá féarach na n‑aoirí ruadhóite, agus mullach Chairmeil ag feo.

Bhúir an leon; cé air nach mbeidh eagla? Labhraíonn an Tiarna Dia; cé a d'fhéadfadh gan tairngreacht a dhéanamh?

Chuala mé glór ó neamh mar ghlór tuiltí lána, agus mar ghlór toirní tréine. Agus an glór a chuala mé, ba chuma é nó glór cruitirí ag cruitireacht lena gcruiteanna.

Ansin chonaic mé comhartha eile sna flaithis, é mór iontach: seacht n‑aingeal agus seacht bplá acu, na cinn deiridh, mar is iontusan a tugadh fearg Dé chun a críche.

Agus thug ceann de na ceithre dhúile beo do na seacht n‑aingeal seacht soitheach óir lán d'fhearg Dé, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta.

Gabhann amach ón ríchathaoir splancacha tintrí, glórtha agus toirneacha; bíonn seacht lóchrann tine ar lasadh os comhair na ríchathaoireach, agus is iadsan seacht spiorad Dé.

Ansin thóg an t‑aingeal an túiseoir agus líon é le tine ón altóir agus theilg ar an domhan é. D'éirigh raistí toirní, agus tormáin, agus tintreacha, agus crith talún.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí