Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Apacailipsis (Taispeántadh) 1:13

An Bíobla Naofa 1981

agus i measc na gcoinnleoirí neach mar mhac duine, é gléasta in éide fhada agus crios órga faoina bhrollach.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

An crios fite a bhí air á choimeád bhí sé den ábhar céanna agus den déantús céanna, d'ór, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach cas mín, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Is í an chóir bréid cheangail a choime, agus tá an dea-rún ina chrios ar a chorróga.

Chuir sé an t‑ionar air, chuir an crios faoina choim, chuir an fhallaing uime agus chuir an t‑éafód air.

Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh.

Ansin bhí fís agam agus b'shiúd an néal geal agus ina shuí ar an néal, neach mar mhac duine, agus coróin óir ar a cheann agus corrán géar ina lámh.

agus tháinig na seacht n‑aingeal leis na seacht bplá amach as an teampall, agus iad feistithe i línéadach glan gléigeal, agus creasa óir faoina n‑ucht.

“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise in Eifeasas: ‘Mar seo a deir an té a bhfuil greim aige ar na seacht n‑eaglaisí ina dheasláimh, agus a shiúlann i measc na seacht gcoinnleoirí óir:




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí