Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Amos 9:5

An Bíobla Naofa 1981

An Tiarna Dia na Slua, baineann sé leis an domhan agus leánn é, agus caoineann cách dá gcónaíonn ann; éiríonn borradh sa domhan go léir mar a tharlaíonn sa Níl agus síothlaíonn arís mar Abhainn na hÉigipte.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Le sileadh súile cuireann sé an talamh ar crith; má leagann sé barr méire ar na sléibhte, tiocfaidh toit astu!

Ísligh do spéartha agus tuirling; bain leis na sléibhte agus déanfaidh siad deatach.

Guífidh gach neach diaga thú, dá bhrí sin, in am an éigin. Nuair a bhrúchtfaidh na tuilte móra ní thiocfaidh siad i ngar dó.

Tá Dia ina lár, ní féidir í a bhogadh; tiocfaidh Dia i gcabhair uirthi le fáinne an lae.

Tagann leá ar na sléibhte ar nós céarach i bhfianaise Thiarna na cruinne.

Och, dá roisfeá na flaithis ó chéile agus teacht anuas, ag cur na sléibhte ar crith os do chomhair,

(Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n‑áitritheoirí.) De bhrí go n‑abrann siad: “Ní fheiceann Dia ár n‑iompar.”

Dá dheasca sin triomóidh an tír agus meathlóidh a gcónaíonn inti, mar aon le beithígh an mhachaire agus éanlaith an aeir; agus fiú amháin éisc na farraige féin, rachaidh siad i léig.

Nach dá bhrí seo a chritheann an talamh agus a chaoineann gach duine dá gcónaíonn ann? Tá sí ag borradh ar nós na Níle agus ag éirí agus ag titim mar Abhainn na hÉigipte?

Tá na sléibhte ar crith roimhe agus na cnoic á leá. Ina láthairsean scriostar an talamh agus an domhan, agus gach duine dá gcónaíonn ann,

Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh? Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt? Bladhmann a chuid feirge amach mar thine, agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.

Nuair a fheiceann na sléibhte thú, creathnaíonn siad. Scuabann na tuilte tréana ar aghaidh. Ligeann an duibheagán búir; ardaíonn sé a lámha chun neimhe.

thit an bháisteach ansin agus tháinig na tuilte sléibhe agus shéid na gaotha, agus bhuail siad an teach sin agus thit sé, agus ba mhór an titim í.”

Ansin chonaic mé ríchathaoir mhór gheal agus neach ina shuí inti ar theith an talamh agus an spéir óna láthair agus nach raibh fáil ar a n‑ionad níos mó.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí