ionas go mbeidh ar a gcumas iarmhar Eadóm agus na náisiúin uile arb é m'ainmse atá orthu a ghabháil,” a deir an Tiarna, an té a chuirfidh na nithe sin i gcríoch.
Go ndéana náisiúin seirbhís duit agus go sléachta ciníocha go talamh duit! Bí i gceannas ar do bhráithre; go sléachta mic do mháthar go talamh duit! Go raibh mallacht ar gach duine a chuirfidh mallacht ort; go raibh beannacht ar gach duine a chuirfidh beannacht ort!”
Thug Íosác freagra ar Éasau: “Féach! rinne mé tiarna de os do chionn; thug mé a bhráithre uile mar shearbhóntaí dó; thug mé arbhar agus fíon mar chothú dó; cad eile a fhágann sin le déanamh duitse, a mhic?”
Tabharfaidh siad ruathar siar ar shleasa na bhFilistíneach, i gcuideachta a chéile déanfaidh siad slad ar chlann an Oirthir; beidh Eadóm agus Móáb faoina gceannas agus clann Amón ag géilleadh dóibh.
Bhí mé ansin le lorg ag dream nach raibh do m'iarraidh agus bhí fáil orm ag dream nach raibh do mo chuartú. Bhí mé ag rá: “Seo anseo mé, seo anseo mé,” le cine nach raibh ag glaoch ar m'ainm.
Cad chuige ar cosúil thú le duine ar mearbhall, mar a bheadh laoch ann nach bhfuil cabhair ar a acmhainn? Ina dhiaidh sin, a Thiarna, tá tusa inár measc, gairtear d'ainmse orainn. Ná tréig sinn!
Nuair a tháinig do bhriathra, d'ith mise iad. Bhí do bhriathar ina ghairdeachas agus ina lúcháir do mo chroí; óir gaireadh d'ainmse orm, a Thiarna, Dia na Slua.
Má deir Eadóm: “Scriosadh sinn ach atógfaimid na fothraigh,” is é a deir Tiarna na Slua: “Tógaidís iad ach leagfaidh mise ar lár arís iad. Glaofar orthu ‘Dúiche an oilc’ agus ‘An cine a bhfuil an Tiarna i bhfeirg leis de shíor’.”