Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Amos 9:10

An Bíobla Naofa 1981

Éagfaidh an uile pheacach de mo phobalsa leis an gclaíomh, iadsan a deir: ‘Ní bhéarfaidh an t‑olc orainne ná ní thiocfaidh sé fhad linn.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Deir sé ina chroí: “Ní cuimhin le Dia; folaíonn sé a aghaidh, ní fheiceann dada.”

Is é an chúis a spreagtar an duine chun olc a dhéanamh, toisc nach gcuirtear daorbhreith i gcrích go luath ar dhrochbhearta;

Tá uamhan ar na peacaigh i Síón, tá na haindiagaigh ar bhall amháin creatha. Iad ag fiafraí: “Cé againn a sheasfaidh loisceadh na tine seo? Cé acu againn a sheasfaidh na lasracha síoraí?”

Iad siúd a deir: “Brostaíodh sé! Déanadh sé deifir lena ghníomh ionas go bhfeicfimid é; bearta Neach Naofa Iosrael, tagadh siad in aice linn agus cuirtear i gcrích iad, chun gurb eol dúinn iad.”

“Tagaigí!” a deir siad, “tá mé ag dul a lorg fíona; líonfaimid sinn féin le biotáille, agus beidh an lá amárach mar an lá inniu, lá mór má bhí a leithéid riamh ann!”

“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”

leis an dream a dhiúltaíonn do bhriathar an Tiarna deir siad, ‘Gheobhaidh sibh síocháin’, agus leo siúd a shiúlann de réir comhairlí a gcruachroí féin: ‘Ní thiocfaidh olc ar bith oraibh.’ ”

ar an ábhar sin - a deir an Tiarna - gearrfaidh mé pionós ar Sheamaiá ó Nihealám agus ar a shliocht ina dhiaidh; fireannach amháin dá chlann ní mhairfidh beo i measc na ndaoine seo le go bhfeicfeadh an mhaith a dhéanfaidh mé ar mo phobal - an Tiarna a labhraíonn - de bhrí gur theagaisc sé iompú ón Tiarna.’ ”

Scagfaidh mé na ceannaircigh as bhur measc, iadsan a d'éirigh amach i mo choinne. Tabharfaidh mé amach iad as an tír ina gcónaíonn siad, ach ní bhainfidh siad tír Iosrael amach; agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna.

Is mairg don mhuintir atá sócúil i Síón, agus a mhothaíonn slán sábháilte ar shliabh na Samáire, móruaisle scoth cine na gciníocha ar a mbíonn triall theach Iosrael.

Sibhse a mheasann an drochlá a chur ar cairde, is ag luathú réim an uafáis chugaibh féin atá sibh!

Féach, tá súile an Tiarna Dia ar an ríocht pheacúil agus scriosfaidh mé í de dhromchla na talún; ach ní mhillfidh mé teach Iacóib go hiomlán,” a deir an Tiarna.

De thoradh breabanna tugann a cinn urra breithiúnas; múineann a sagairt ar thuarastal agus déanann a fáithe fáistine ar airgead geal. Ach mar sin féin cuireann siad a muinín as an Tiarna agus deir siad: “Nach bhfuil an Tiarna inár measc? Ní thiocfaidh aon mhí-ádh orainn.”

Ach na rabhaidh agus na reachtanna ar chuir mé a gcúram ar mo sheirbhísigh, na fáithe, nár cuireadh i gcrích ar bhur n‑aithreacha iad? Dá thoradh sin rinne siad aithrí agus dúirt siad: Thug Tiarna na Slua íde orainn de dheasca ár mbealaí agus ár ngníomhartha faoi mar a bhí beartaithe aige a dhéanamh.’ ”

Tá an scéal sa chruth anois go gcaithfimid a rá gur méanar do scigirí, agus go mbíonn rath ar lucht déanta an oilc; is ea go deimhin, cuireann siad promhadh ar Dhia ach ní ghearrtar aon phionós orthu.’ ”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí