Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé.
Tá pór ann le claímhte mar fhiacla, agus sceana mar ghialla acu, Leis na boicht a alpadh agus a scrios de chlár na cruinne; agus lucht na gannchúise a shlogadh agus a scuabadh ó chomhluadar daoine.
Dúirt Irimia fáidh le Hanainiá fáidh: “Éist liom go haireach; a Hanainiá: níor chuir an Tiarna uaidh thú; mar gheall ortsa tá an pobal seo anois ag cur a ndóchais i mbréag.
Glactar breabanna ionat chun fuil a dhoirteadh; baineann tú brabús agus sochar amach agus tagann i dtír le foréigean ar an gcomharsa. Tá mise dearmadta glan agat - an Tiarna Dia a labhraíonn.
Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán, agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air, na tithe sin a thóg sibh le clocha snoite ní chónóidh sibh iontu; na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibh ní ólfaidh sibh a bhfíon.
Óir is eol domsa iomad bhur gcionta agus méid bhur bpeacaí; sibhse a chiapann na fíréin, a ghlacann an bhreab, a chaitheann an dearóil ar leataobh sa gheata.
Santaíonn siad goirt agus gabhann siad iad; cuireann siad a ndúil i dtithe agus glacann siad seilbh orthu; déanann siad éagóir ar dhuine agus coigistíonn siad a theach; creachann siad duine eile agus baineann siad de a oidhreacht.
a alpann feoil mo phobail; is a bhaineann a gcraiceann díobh; a bhriseann a gcnámha agus a ghearrann ina bpíosaí iad mar fheoil i gcorcán nó mar chonablach i gcoire.
“Cad é seo?” arsa mise. “Bairille is ea an rud seo atá ag nochtadh chugainn,” ar seisean. Ansin dúirt sé: “Is é seo [an t‑olc] atá siad a dhéanamh ar fud na tíre uile.”
“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.