Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Amos 8:14

An Bíobla Naofa 1981

An dream a mhionnaíonn dar Aisioma na Samáire agus a deir: “Go maire do dhia, a Dhán!, go maire Cumhacht Bhéar Seaba!”, titfidh siad seo uile agus ní éireoidh siad arís go brách.

Féach an chaibidil Cóip

32 Tagairtí Cros  

Lena chois sin bhunaigh Iarobám féile san ochtú mí, ar an gcúigiú lá déag den mhí, ar nós na féile a cheiliúrtaí in Iúdá, agus chuaigh sé suas chun na haltóra. Sin mar a rinne sé i mBéitéil, agus d'ofráil sé íobairtí do na laonna a bhí déanta aige. Agus chuir sé i mBéitéil sagairt na n‑ardionad a bhí bunaithe aige.

Tabharfaidh sé cúl le hIosrael de bharr na bpeacaí lenar pheacaigh Iarobám agus a thug sé ar Iosrael a dhéanamh.”

Ansin cheannaigh sé sliabh (na Samáire) ó Sheimir ar dhá thallann airgid agus thóg sé cathair air agus thug sé an tSamáir uirthi ó Sheimir, an té ar leis an sliabh.

Ach níor thug sé cúl leis na peacaí inar sheol Iarobám mac Nabát Iosrael, na laonna óir i mBéitéil agus i nDán.

Ach rinne siad ceap magaidh de theachtairí Dé, chaith siad drochmheas lena bhriathra, agus rinne siad fonóid faoina fháithe, nó gur tháinig an oiread sin feirge ar an Tiarna lena phobal nach raibh aon leigheas ar an scéal feasta.

Tógann an drong atá thart timpeall orm a gceann; go dtreascraí mailís a mbruas féin iad.

Ná gabhadh an díomasach de chosa orm: ná caitheadh lámh an drochdhuine amach mé. 12b Féach mar a leagadh lucht déanta na hurchóide; tá siad ar lár agus ní fhéadann éirí.

Óir titeann an fíréan faoi seacht, ach éiríonn arís; ach déanann an tubaiste na hurchóidigh a threascairt.

An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál, bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh.

Tá an talamh ag stangadh mar bheadh fear meisce ann, tá sé ag longadán mar bheadh scáthlán ann; is trom é an t‑ualach air a chuid peacaí, titeann sé gan éirí i ndán dó.

a sheol carbaid agus capaill chun catha agus slua ollmhór lena gcois; luigh siad fúthu gan éirí i ndán dóibh, múchadh iad mar bheadh barrach dóite:

“Déarfaidh tú leo: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Ólaigí! Bígí ar meisce! Sceithigí! Titigí, agus ná héirigí níos mó, de bharr an chlaímh atáim a chur in bhur measc.’

á rá: ‘Is mar seo a rachaidh an Bhablóin in íochtar, agus ní éireoidh sí choíche ón olc a thabharfaidh mise uirthi.’ ” Deireadh anseo le briathra Irimia.

Tá eagla a n‑anama ar mhuintir na Samáire mar gheall ar lao Bhéit Ávan. Gan amhras beidh a phobal ag mairgneach faoi, agus a chuid sagart ag rince ina thimpeall, mar go bhfuil a ghlóir imithe uaidh.

Peacaíonn siad anois níos mó ná riamh; déanann siad dealbha teilgthe dóibh féin, íola a mhúnlaítear go cliste as a gcuid airgid, ach nach bhfuil iontu uile ach déantús ceardaithe. “Ofrálaigí íobairtí dóibh seo,” deir siad; agus pógtar laonna!

Ach seachainse an mbeifeá féin ciontach, a Iosrael! Ná himígí go dtí Gilgeál, ná gabhaigí suas chun Béit Ávan, ná mionnaigí dar an Tiarna beo.

Éist leis an oracal seo a fhógraím i d'aghaidh; is caoineadh é, a theach Iosrael:

Tá an mhaighdean Iosrael ar lár, ní éireoidh sí níos mó; óir tá sí tréigthe ar a talamh féin agus gan aon duine lena tógáil aníos.

ach ná gabh go Béit Éil, agus ná téigh isteach go Gilgeál ná anonn go Béar Seaba; mar is cinnte go rachaidh Gilgeál ar deoraíocht agus go gcuirfear Béit Éil ar neamhní.

De dheasca choir Iacóib is ea a tharlaíonn sé seo go léir de dheasca pheaca theaghlach Iosrael. Agus céard é coir Iacóib? Nach í an tSamáir í? Agus céard é peaca theaghlach Iúdá? Nach í Iarúsailéim í?

iad siúd a shléachtann roimh réaltaí neimhe ar dhíonta na dtithe agus na daoine freisin a shléachtann roimh an Tiarna ach a mhionnaíonn dar Miolcom

Bhí oiliúnt faighte aige ar bhealach an Tiarna, agus cé go labhraíodh sé go díograiseach agus go dtugadh sé teagasc cruinn faoi Íosa, ní raibh ar eolas aige ach baisteadh Eoin.

Timpeall na haimsire seo tharla achrann mór mar gheall ar an mBealach.

Ach nuair a thosaigh cuid acu ag cur suas go dolba den chreideamh agus ag cáineadh an Bhealaigh os comhair an phobail, d'fhág Pól ann iad, thóg leis a dheisceabail agus bhíodh ag díospóireacht gach lá i scoil Thuránais.

Admhaím an méid seo, áfach, gur de réir an Bhealaigh ar a dtugann siadsan Aicme, a thugaim ómós do Dhia ár sinsear agus go gcreidim gach ní dá bhfuil de réir an dlí agus scríofa sna fáithe.

ag lorg litreacha uaidh le tabhairt chun na sionagóg i nDamaisc i dtreo, cibé duine dá bhfaigheadh sé ann, fear nó bean, a lean an bealach, go ndéanfadh sé iad a ghabháil agus a thabhairt ar ais go Iarúsailéim.

A Thiarna, beannaigh a mhaoin agus glac le saothar a lámh. Basc leasracha a naimhde agus a eascairde, ionas nach n‑éireoidh siad arís.

Ansin thóg mé an saothar peaca, an lao a bhí déanta agaibh, agus rinne mé é a loscadh agus a bhriseadh ina smidiríní, agus a mheilt ina luaithreach mín, agus a luaithreach a chaitheamh sa sruthán a shníonn ón sliabh anuas.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí