Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Amos 7:8

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt an Tiarna liom: “A Amós, cad é a fheiceann tú?” “Dorú pluma,” arsa mise. Ansin dúirt an Tiarna liom: “Féach, tá mé chun mo phobal Iosrael a thomhas le dorú pluma; ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Sínfidh mé an dorú tomhais céanna ar Iarúsailéim agus ar an tSamáir agus an dorú pluma céanna le teaghlach Acháb. Déanfaidh mé Iarúsailéim a sciomradh faoi mar a dhéanfadh duine mias a sciomradh, agus a bhualadh béal faoi tar éis a sciomartha.

Agus is í an chóir a bheas ina dorú ingir agam agus an fhíréantacht mar leibhéal agus mé á leagan. Ach scuabfaidh an clochshneachta dídean na mbréag leis agus cartfaidh na huiscí bhur bhfoscadh chun siúil”;

Beidh sí ina gnáthóg ag an mbonnán buí agus ag an ngráinneog; beidh cónaí ann ag an scréachóg agus ag an bhfiach dubh; sínfidh an Tiarna dorú an éagrutha léi, agus leibhéal na foilmhe.

Is tú féin a thréig mise - an Tiarna a labhraíonn. Thug tú cúl liom; mar sin sínim mo lámh amach i d'aghaidh le go scriosfainn thú. Tá mé tuirseach den aithreachas.

Chinn an Tiarna ar chonamar a dhéanamh de bhalla iníon Shíón; shín sé an dorú tomhais leis agus níor stad sé go raibh sé scriosta; chuir sé drochbhail ar bhalla agus ar bhábhún sa chaoi go bhfuil siad araon ag mionú.

Gabh sí gin arís agus rug iníon. “Tabhair Neamh-Mhuirneach mar ainm uirthi,” ar seisean leis, “mar ní díol trócaire liom teaghlach Iosrael a thuilleadh; ní hea, is amhlaidh a bheidh dearg-ghráin agam orthu feasta.

Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom: An Tiarna ina sheasamh cois balla agus dorú pluma ina láimh aige.

“A Amós, cad é a fheiceann tú?” a dúirt sé. “Cliabh de thorthaí aibí,” a dúirt mé. Ansin dúirt an Tiarna liom: Tá mo phobal Iosrael aibí chun treascairt, ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.

Cén Dia atá cosúil leatsa? Óir tógann tú peacaí chun siúil agus maitheann tú a gcionta d'fhuílleach d'oidhreachta; ní buan í do chuid feirge agus is áil leat an buanghrá.

Óir, duine ar bith a chaith drochmheas ar an lá seo na mioneachtraí cuirfear áthas air agus feicfidh sé an chloch thofa i lámha Zarubáibil.” “Is iad na seacht lampa seo súile an Tiarna a bhíonn ag breathnú uathu amach ar fud an domhain uile.”

“Cad é a fheiceann tú?” ar seisean liom. “Is é rud a fheicim,” arsa mise, “ná crann solais agus é déanta go hiomlán d'ór agus babhla ar a bharr. Tá seacht lampa air agus seacht ngob ar gach ceann díobh.

“Cad é a fheiceann tú?” ar seisean liom. “Feicim scrolla ar eitilt,” arsa mise, “tá sé fiche banlámh ar fad agus deich mbanlámh ar leithead.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí