Amos 7:6An Bíobla Naofa 1981Agus ghlac an Tiarna trua; “Ní thitfidh sé seo amach ach oiread,” a dúirt an Tiarna. Féach an chaibidil |
Ansin chuir an Tiarna an t‑aingeal go Iarúsailéim lena scrios, ach nuair a bhí sé ar tí í a scrios, d'fhéach an Tiarna agus tháinig ar mhalairt aigne faoin olc seo, agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: “Is leor sin! Fóill ar do láimh anois!” Bhí aingeal an Tiarna ina sheasamh ag urlár buailte Ornán an Iabúsach.
Ghuigh sé chun an Tiarna mar a leanas: “Och ochón, a Thiarna! Nach é sin go díreach an rud a dúirt mé a tharlódh, nuair a bhí mé i mo dhúiche féin? Sin é an fáth ar theith mé faoi dheifir go Tairsís de chéaduair. Ba mhaith ab eol dom gur Dia truachroíoch agus trócaireach thú, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá agus gurb aithreachas duit an t‑olc.