Ansin ghabh Ióáis mac Iahóácház ar ais ó Bhein Hadad mac Hazáéil na cathracha a ghabh seisean óna athair Iahóácház le neart airm. Bhris Ióáis air faoi thrí agus fuair ar ais cathracha Iosrael.
Eisean a ghnóthaigh ar ais críocha Iosrael ó Bhealach Hamát go Muir an Arabá, de réir bhriathar an Tiarna Dia Iosrael a labhair sé ó bhéal Ióna mac Amaití a shearbhónta, an fáidh ó Ghat Héifir.
Déan gairdeas, a ógánaigh, i dtús do shaoil, cuireadh do chroí aoibhneas ort le linn d'óige. Siúil de réir spreagadh do chroí agus de réir sholas do shúl. Ach bíodh a fhios agat go dtabharfaidh Dia chun cuntais thú sna nithe seo go léir.
Agus tharla in aimsir Áchaz, mac Iótám, mac Uiziá, rí Iúdá, go ndeachaigh Reizín, rí Arám, mar aon le Peacach, mac Ramailiá rí Iosrael, suas go Iarúsailéim lena hionsaí, ach níor éirigh leis a gabháil.
Déanaigí lúcháir, más áil libh! Beirigí bhur gcaithréim, a chreachadóirí m'oidhreachta! Bígí ag aoibheall fearacht gamhna ar féarach! Déanaigí seitreach ar nós staile!
Is mar seo a deir an Tiarna: “Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht, ná maíodh an fear cumasach as a chumas, ná an fear saibhir as a shaibhreas!
Labhair agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise i d'aghaidh, a Fhorainn, a rí na hÉigipte, a chrogaill mhóir, ag únfairt i lár srutháin na Níle, a deir: ‘Is liomsa féin an Níl, mise a rinne [í].’
Ansin shocraigh an Tiarna Dia go bhfásfadh planda suas os cionn Ióna chun fothain a thabhairt dó i dtreo go bhfaigheadh sé faoiseamh éigin óna anró. Ábhar mór áthais do Ióna ba ea an planda seo.
“An lá sin ní náireofar thú as na drochghníomhartha ceannairceacha a rinne tú i m'aghaidh. Mar tógfaidh mé as do lár ansin do chuid bladhmairí uaibhreacha; agus uaidh sin amach ní bheidh tú ag siúl timpeall go toirtéiseach níos mó ar mo shliabh naofa.
Amen, Amen, a deirim libh, beidh sibhse ag gol agus ag caoineadh, ach beidh an saol ag déanamh áthais. Beidh sibhse buartha, ach iompófar bhur mbuairt chun áthais.
agus gairdeas ar áitritheoirí an domhain ina dtaobh. Cuirfidh siad tabhartais chun a chéile mar gur chiap an bheirt fháidh seo áitritheoirí an domhain.”
Ghabhadar amach faoin tuath chun a bhfiniúna a chnuasach sna fíonghoirt; bhrúdar iad; rinneadar ceiliúradh agus chuadar isteach i dteach a ndé; d'itheadar, d'óladar agus chaitheadar mallacht le hAibímeilic.