Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán, agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air, na tithe sin a thóg sibh le clocha snoite ní chónóidh sibh iontu; na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibh ní ólfaidh sibh a bhfíon.
Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a cheann féin, - is é an Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn - Is fuath liom díomas Iacóib, is beag orm a pháláis; tréigfidh mé an chathair agus a bhfuil inti.
Chonaic mé an Tiarna ina sheasamh os cionn na haltóra. Bhuail sé mullaigh na gcolún agus chrith na hursaineacha. Dúirt sé: “Scoiltfidh mé iad ar chinn na ndaoine go léir; maróidh mé a mbeidh fágtha leis an gclaíomh, ní éalóidh aon duine, ní thiocfaidh aon duine slán.
“Óir, féach, ordóidh mé teach Iosrael a chraitheadh i measc na gciníocha go léir mar a chraithfeá arbhar le criathar; ach ní thitfidh an gráinne is lú ar an talamh.
Tá an t‑ordú seo tugtha ag an Tiarna i do thaobh: “Ní bheidh sliocht ort a dtabharfar d'ainm orthu feasta; tógfaidh mé na híomhánna greanta agus na dealbha teilgthe chun siúil as teampall do dhéithe; ullmhóidh mé uaigh duit, mar is suarach an duine thú.”
Is amhlaidh a chruinneoidh mé na náisiúin uile le chéile in aghaidh Iarúsailéim chun cogadh a chur uirthi; gabhfar an chathair, creachfar na tithe; éigneofar na mná agus imeoidh leath na cathrach ar deoraíocht. Ach ní dhíothófar an leath eile de mhuintir na cathrach ar aon chor.
Má deir Eadóm: “Scriosadh sinn ach atógfaimid na fothraigh,” is é a deir Tiarna na Slua: “Tógaidís iad ach leagfaidh mise ar lár arís iad. Glaofar orthu ‘Dúiche an oilc’ agus ‘An cine a bhfuil an Tiarna i bhfeirg leis de shíor’.”
nuair a bhascfaidh siad ar lár thú féin agus do chlann atá ionat, gan cloch ar mhuin cloiche a fhagáil ionat, de bhrí nár aithin tú aimsir d'fhiosraithe.”