Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia le teach Iosrael: An chathair a raibh míle saighdiúir aici ní fhágfar ach céad aici; agus an chathair a raibh céad aici ní fhágfar aici ach deichniúr.
Óir dá mb'ionann do phobal, a Iosrael, agus gaineamh na farraige, ní fhillfidh díobh ach fuílleach. Tá a léirscrios socraithe, rud a fhágfaidh an fhíréantacht ag cur thar maoil.
agus má thagann an deichiú cuid de na daoine slán, is é an scrios atá i ndán dóibh freisin, ar nós na teiribinte, nach bhfuil fágtha di ar a leagan ach grágán. Síol naofa is ea an grágán sin.”
Ach fágfaidh mé beagán acu saor ón gclaíomh, ón ngorta agus ón bplá, ionas go n‑admhóidh siad a n‑imeachtaí gránna uile ar fud na gciníocha mar a dtéann siad, agus go dtuigfidh siad gur mise an Tiarna.”
Faoi mar a rinne an Tiarna gairdeas ag bronnadh conáich agus ratha oraibh, sin mar a dhéanfaidh sé gairdeas do bhur scrios agus do bhur milleadh. Stoithfear sibh as an talamh a bhfuil sibh ag dul ann á shealbhú.