Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Amos 5:22

An Bíobla Naofa 1981

Bíodh go n‑ofrálann sibh bhur n‑íobairtí dóite agus bhur n‑íobairtí bia, ní ghlacfaidh mé leo; agus diúltóidh mé d'íobairtí síochána bhur mbeithíoch méith.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Ofrálfaidh mé íobairt an bhuíochais duit; gairfidh mé ainm an Tiarna.

Nach iomaí sin éacht a rinne tú, a Thiarna is mo Dhia! Níl aon neach inchurtha leatsa sna comhairlí a cheap tú dúinn. Dá mb'áil liom a n‑insint nó a n‑áireamh rachadh a gcomhaireamh díom.

an té a ghabhann buíochas mar íobairt, is é sin an té a thugann urraim dom; agus don té a mhaireann gan cháim taispeánfaidh mé slánú Dé.”

Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin.

Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n‑urchóideach, agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.

“Nach cuma liomsa bhur n‑íobairtí gan áireamh?” a deir an Tiarna. “Tá mé dóthanach de reithí loiscthe agus de shaill na ngamhna, níl dúil agam i bhfuil mhart agus phocán gabhair.

An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.

Is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh an phobail seo: “Baineann siad an oiread sin sult as dul ar seachrán nach bhfuil smacht ar a gcosa acu!” Ach ní ghabhann an Tiarna chuige iad níos mó; cuimhníonn sé anois ar a gcionta agus agróidh sé a bpeacaí orthu.

Nach cuma liomsa túis anall ó Sheabá, nó giolcóg chumhra ón imigéin? Ní taitneamhach bhur n‑ofrálacha loiscthe, ní milis liom bhur n‑íobairtí.

Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Cuirigí bhur n‑ofrálacha loiscthe i gcionn bhur n‑íobairtí agus ithigí an fheoil ar fad.

Seo é gnás an íobairt chomaoineach le hofráil ag duine don Tiarna:

Tógaigí uaim torann bhur n‑amhrán; ní éistfidh mé le ceol bhur gcruiteanna.

Is ea, mhuise, iarraigí fabhar ar Dhia anois i dtreo go ndéanfaidh sé trócaire orainn! Ach - más sibhse a rinne an rud seo - an bhfáilteoidh sé romhaibh go caoin? a deir Tiarna na Slua.

Ach d'fhreagair Samúéil: “An fearr leis an Tiarna tabhartais loiscthe agus íobairtí ná go n‑éistfí go humhal le glór an Tiarna? Féach! is fearr umhlaíocht ná íobairt, is fearr géilliúlacht ná geir reithí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí