Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Amos 5:21

An Bíobla Naofa 1981

Is fuath liom agus is beag orm bhur bhféilte; ní bhainim aon sult as bhur gcomhthionóil shollúnta.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Fuair an Tiarna an boladh cumhra agus dúirt sé leis féin: “Ní baol go gcuirfidh mé mallacht ar an talamh go brách arís de bharr an duine, óir is ar an olc atá a chroí meáite ag an duine óna óige. Ní bhuailfidh mé an uile dhúil bheo mar a rinne mé go deo arís.

Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin.

Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n‑urchóideach, agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.

An té a iompaíonn a chluas ó éisteacht leis an dlí, is gráiniúlacht fiú a urnaí.

An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d'íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n‑anama ina gcuid gráiniúlachta.

Má throscann siad ní éistfidh mé a n‑achainí; má thairgeann siad ofráil loiscthe agus íobairt ní ghlacfaidh mé iad. Is mó is rún liom iad a scriosadh leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá.”

Nach cuma liomsa túis anall ó Sheabá, nó giolcóg chumhra ón imigéin? Ní taitneamhach bhur n‑ofrálacha loiscthe, ní milis liom bhur n‑íobairtí.

Mheirdrigh sí agus tharnocht sí os comhair an tsaoil mhóir sa chruth gur thug mé cúl léi go samhnasach mar a thug lena deirfiúr.

Ar an ábhar sin, tógfaidh mé ar ais arís m'arbhar ina ionú agus m'úrfhíon ina thráth; bainfidh mé di m'olann agus mo líon, a gclúdaíodh sí a nochtacht leo.

Lena dtréada caorach agus bó rachaidh siad ar thóir an Tiarna, ach ní bhfaighidh siad é; is amhlaidh atá sé imithe uathu.

Tá andúil acu in íobairtí fola; Ofrálann siad iad chun go mbeadh an fheoil le hithe acu! Go deimhin, ní taitneamhach leis an Tiarna iad. As seo amach coinneoidh sé cuimhne ar a n‑urchóid, agus cúiteoidh sé a bpeacaí leo; rachaidh siad ar ais chun na hÉigipte.

Fágfaidh mé bhur gcathracha ina bhfothracha; scartálfaidh mé bhur sanctóirí; ní bholóidh mé cumhracht libh a thaitneoidh liom.

Imígí go Béit Éil agus peacaígí, go Gilgeál agus cuirigí le bhur gcoireanna; méadaígí bhur n‑íobairtí gach maidin, agus bhur ndeachúna gach tríú lá;

ofrálaigí íobairt bhuíochais le laibhín, foilsígí os ard na híobairtí deonacha, mar is é sin a thaitníonn libh, a chlann Iosrael, a deir an Tiarna Dia.

Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a cheann féin, - is é an Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn - Is fuath liom díomas Iacóib, is beag orm a pháláis; tréigfidh mé an chathair agus a bhfuil inti.

Déanfaidh mé údar bróin de bhur n‑oilithreachtaí agus is caointe a bheidh in bhur gcainticí uile; cuirfidh mé sacéadach um an uile leasrach, agus bearrfaidh mé bhur gcinn go léir. Beidh sibh ag caoineadh amhail is dá mba aonmhac a bhí á chaoineadh; agus is é an chríoch a bheidh air, lá searbh.

“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.

agus mairigí de réir an ghrá faoi mar a ghráigh Críost sinne agus a thug é féin suas ina ofráil chun Dé agus ina íobairt chumhra ar ár son.

Tá mo dhóthain agamsa anois agus breis. Tá flúirse agam ó fuair mé bhur síntiús ó Eapafraidíteas. Is geall le boladh cumhra an síntiús sin nó le híobairt thaitneamhach a shásódh Dia.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí