Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Amos 5:14

An Bíobla Naofa 1981

Iarraigí an mhaith in áit an oilc, ionas go mairfidh sibh, agus go mbeidh an Tiarna, Dia na Slua, libh dáiríre mar a mhaíonn sibh atá sé.

Féach an chaibidil Cóip

27 Tagairtí Cros  

Níor bhac an príomhshéiléir le haon rud a bhí faoi chúram Iósaef mar bhí an Tiarna fairis; agus bhí conách an Tiarna ar gach rud a dhéanadh sé.

Ansin dúirt Dáiví le Solamh a mhac: “Bí daingean teann agus tabhair faoin obair. Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat mar tá an Tiarna Dia, mo Dhia-sa, le d'ais. Ní theipfidh seisean ort ná ní thréigfidh sé thú nó go mbeidh an saothar go léir atá le déanamh do theach an Tiarna curtha i gcrích!

agus ghabh sé amach i gcoinne Ásá agus dúirt leis: “Éist linn, a Ásá, a Iúdá agus a Bhiniáimin go léir. Tá an Tiarna in éineacht libh fad tá sibhse in éineacht leis. Má lorgann sibh é, gheobhaidh sibh é, ach má thréigeann sibh é, tréigfidh sé sibh.

“Éistigí! bíodh a fhios agaibh gur mise is Dia ann, in ardréim ar na ciníocha, in ardréim ar talamh.”

Gránn an Tiarna an dream ar gráin leo an t‑olc; déanann sé anamacha a naomh a chosaint, á bhfuascailt ó láimh na n‑éagráifeach.

“Beidh mise leat,” ar sé, “agus beidh seo mar chomhartha agat air gur mise a sheol thú. Nuair a thabharfaidh tú mo phobal leat amach as an Éigipt, déanfaidh tú Dia a adhradh ar an gcnoc seo.”

An té a thóraíonn an mhaith, tóraíonn sé fabhar; ach an té a lorgann an urchóid, tagann an urchóid ina threo.

Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é, agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann? Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibh agus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia.

Beart má cheapann sibh, tá sé ó rath; focal má labhraíonn sibh, níl aon bhrí ann, mar tá Dia linne.

An siúlann beirt le chéile ar an tslí gan [aithne] acu ar a chéile?

Gabh ar lorg an Tiarna agus mairfidh tú; ar eagla go dtiocfadh sé ar theach Iósaef mar chaor thine agus go n‑alpfadh sí é agus nach mbeadh aon duine ann chun í a mhúchadh ar son theach Iosrael.

De thoradh breabanna tugann a cinn urra breithiúnas; múineann a sagairt ar thuarastal agus déanann a fáithe fáistine ar airgead geal. Ach mar sin féin cuireann siad a muinín as an Tiarna agus deir siad: “Nach bhfuil an Tiarna inár measc? Ní thiocfaidh aon mhí-ádh orainn.”

Míníodh duit, a dhuine, céard is maith agus céard a iarrann an Tiarna ort. Níl uaidh ach seo: an ceart a dhéanamh, buanghrá a chothú agus siúl go humhal i bhfochair do Dhé.

Lorgaigí an Tiarna, sibhse uile, a dhaoine uirísle na tíre, a chomhlíonann a reacht. Lorgaigí an fhíréantacht, lorgaigí an uirísle; b'fhéidir go bhfaigheadh sibh dídean ar lá dhíbheirg an Tiarna.

Chruinníodar seo le chéile in aghaidh Mhaois agus Árón agus dúradar leo: “Tá sibh dulta thar fóir! Tá an comhthionól go léir coisricthe, gach duine riamh díobh, agus maireann an Tiarna ina gcoimhdeacht. Cad ab áil libh dá bhrí sin do bhur gcur féin os cionn chomhthionól an Tiarna?”

“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,” - ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.

ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”

Ach déanaigí ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith.

Go raibh an Tiarna Íosa leat. Grásta go raibh agaibh.

Nár thug mé ordú duit? Bí teann agus bíodh misneach agat. Ná bíodh eagla ort ná beaguchtach, mar tá an Tiarna do Dhia farat cibé áit a rachaidh tú.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí