Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Amos 4:9

An Bíobla Naofa 1981

Bhuail mé le loscadh gaoithe agus le bruth teasa sibh, bhánaigh mé bhur ngairdíní agus bhur bhfíonghoirt, mhill na lócaistí bhur gcrainn fígí agus bhur n‑ológa; ach níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

tabhair cluas dóibh ó na flaithis agus maith peaca do shearbhóntaí agus do phobail Iosrael; múin dóibh cosán na fíréantachta atá le leanúint acu, agus fear fearthainn ar do thír, an tír a thug tú do do phobal mar oidhreacht.

“Má bhíonn gorta sa tír, nó plá, nó aicíd, nó coincleacha, nó lócaist, nó cruimh; má chuireann namhaid an phobail léigear ar gheata cathrach dá gcuid; má bhíonn fiabhras nó galar;

Cá háit is féidir buille a bhualadh oraibh arís, agus an feall ar siúl agaibh fós? Tá an cloigeann uile breoite, an croí meata ar fad;

Ach sibhse uile, fadaíonn sibh tine, corraíonn sibh suas an ghríosach. Isteach libh i lasracha na tine sin agaibh agus sa ghríosach atá adhainte agaibh. Mo lámhsa a chaithfidh libh ar an dóigh sin, suífidh sibh fúibh i bpeannaid.

Ach níor fhill an pobal ar an té a bhí á bhualadh, níor lorg sé Tiarna na Slua;

Níos measa ná seo uile: níor fhill a deirfiúr fhealltach Iúdá orm ó chroí ach go bréagach - is é an Tiarna a labhraíonn.”

A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.

Ach rachaidh siad ar ais go dtí críocha na hÉigipte, agus beidh an Asaír ina rí orthu de bhrí gur dhiúltaigh siad filleadh ormsa.

Cibé rud a d'fhág an gearrthóir d'alp an lócaiste é agus cibé rud a d'fhág an lócaiste d'alp an preabaire é agus cibé rud a d'fhág an preabaire d'alp an scriostóir é.

Rinne siad léirscrios ar mo chuid fíniúna agus scéalp siad mo chrainn fígí; bhain siad an choirt go léir díobh agus leag iad; is bán iad a ngéaga anois.

Tabharfaidh mé daoibh a dhá oiread den mhéid a d'ith an lócaiste agus an preabaire agus an scriostóir agus an gearrthóir, m'arm mór a chuir mé in bhur n‑aghaidh.

D'fhág mé bhur bhfiacla glan in bhur gcathracha uile, agus arán in easnamh in bhur mbailte; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.

Shiúil pobail dhá chathair nó trí chuig cathair eile ar lorg fíoruisce, agus níor mhúch siad a dtart; ach mar sin féin níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.

Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth; ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna; rachaidh de thoradh an chrainn olóige; ní thabharfaidh na goirt aon bhia; ní fhágfar caora sa chró nó bó ar bith sa bhuaile.

Le smoladh, coincleach agus clochshneachta mhill mé sibhse agus saothar uile bhur lámh; ach níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.

Crosfaidh mé ar an lócaiste craosach bhur mbarra a mhilleadh oraibh agus an fhíniúin atá in bhur ngoirt a fhágáil neamhthorthúil, a deir Tiarna na Slua.

Pleancfaidh an Tiarna thú leis an eitinn, leis an bhfiabhras, le séideadh, le teas, le híota, le dubh, le snas liath, agus beidh siadsan sa tóir ort go híde.

Do chrainn go léir agus toradh d'ithreach, beidh siad ag an lócaiste.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí