Dúirt Éilias an Tisbíoch ó Thisbé i nGileád le hAcháb: “Dar an Tiarna beo, Dia Iosrael, dá ndéanaim seirbhís, ní thiocfaidh drúcht ná fearthainn sna blianta beaga romhainn, ach de réir mar ordóidh mise.”
Tháinig Eilíseá go Gilgeál agus gorta sa tír. Bhí bráithreachas na bhfáithe ina suí os a chomhair agus dúirt sé lena shearbhónta: “Cuir síos an coire mór agus beirigh praiseach do bhráithreachas na bhfáithe.”
Seo mar a bhí ráite ag Eilíseá leis an mbean a ndearna sé a mac a ardú ó mhairbh: “Éirigh, agus imigh leat ar an gcoigrích, tú féin agus do líon tí, mar tá gorta glaoite ag an Tiarna - tá sé ag teacht ar an tír cheana féin - ar feadh seacht mbliana.”
A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde; ní fheiceann siad í. Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu; an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.
Má théim amach faoin tuath, féach na mairbh sínte leis an gclaíomh! Má théim isteach sa chathair, feicim an dream atá tinn le hocras; fiú na fáithe agus na sagairt, treabhann siad talamh, tá siad i mbarr a gcéille.’ ”
A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.
“Seo mar a deir an Tiarna: Nach mó fós a tharlóidh nuair a ghearrfaidh mé mo cheithre phionós nimhneacha ar Iarúsailéim - an claíomh, an gorta, ainmhithe allta agus an phlá - ionas go scriosfar ann gach fear agus ainmhí!
Dá bhrí sin shín mé mo lámh amach i do choinne. Laghdaigh mé do sciar bia, d'fhág mé thú i muinín do naimhde, iníonacha na bhFilistíneach, a gcuireann do striapachas déistin orthu.
Fillfidh mé ar ais arís ar mo láthair féin, nó go n‑admhóidh siad a gcionta agus go dtiocfaidh siad ar mo lorg. Nuair a bheidh siad i gcruachás, cuardóidh siad mé go dúthrachtach, [á rá:]
Brisfidh mé bhur dteannta aráin agus beidh deichniúr ban chun arán a bhruith san aon oigheann; dáilfidh siad an t‑arán sin ina thomhaisíní, agus íosfaidh sibh é ach beidh ocras tar éis altaithe oraibh.
Le linn na mBreithiúna a bheith i réim tharla gorta sa tír agus d'imigh fear áirithe as Beithil Iúdá a chónaí i dtír Mhóáb, é féin, a bhean agus a bheirt mhac.