Amos 4:5An Bíobla Naofa 1981ofrálaigí íobairt bhuíochais le laibhín, foilsígí os ard na híobairtí deonacha, mar is é sin a thaitníonn libh, a chlann Iosrael, a deir an Tiarna Dia. Féach an chaibidil |
Mar chaora fíniúna san fhásach, is ea a tháinig mé ar Iosrael; mar chéadtoradh an chrainn fígí (i dtús an tséasúir), is ea a leag mé súil ar bhur sinsear. Ach chomh luath agus a shroich siad Bál Peór, choisric siad iad féin don Náire, agus níor lú an t‑ábhar déistine dom iad ná na nithe dár thug siad gean.
“Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n‑íocann sibh deachú ar an miontas agus ar an lus mór agus ar an gcoimín, agus go ndearna sibh faillí sna nithe ar mó a luíonn an dlí orthu, an ceart agus an trócaire agus an dílseacht. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh agus gan iad siúd a ligean i bhfaillí.