Dá bhrí sin is mar seo a roinnfidh mé leat, a Iosrael, agus toisc gurb é seo a dhéanfaidh mé ort, cuir tú féin i gcóir chun casadh ar do Dhia, a Iosrael.
mar a lasann tine ina bladhaire trí bhrosna, mar a chuireann tine uisce ag fiuchadh; ansin bheadh aithne ag do naimhde ar d'ainm agus ciníocha ar crith roimh do theacht.
Nach bhfuil aon eagla oraibh romhamsa? - an Tiarna a labhraíonn - An é nach gcreathnóidh sibh i mo láthairse, mise a chuir an gaineamh ina theorainn don fharraige, ina chlaí buan nach bhfuil aon dul thairis; tiomáineann na tonnta ach ní bheireann bua, tonngháireann siad, níl dul thairis acu.
Thug mé fogha fúthu amhail beithir ar baineadh uaithi a coileáin, agus réab mé cochall a gcroí; rinne madraí craos orthu ansin, agus stróic ainmhithe allta as a chéile iad.
An duine a chúisíonn thú, tar chun réitigh leis gan mhoill agus tú ag gabháil na slí leis, le heagla go dtabharfadh fear do chúisithe suas don bhreitheamh thú, agus an breitheamh don phóilín, agus go gcuirfí i bpriosún thú.
Cuimhnigh más ea cad a ghlac tú agus a chuala tú, agus coinnigh do ghreim agus déan aithrí. Mura ndúisí tú, tiocfaidh mé mar ghadaí agus ní bheidh a fhios agat cén uair a thiocfaidh mé ort.