Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Amos 3:7

An Bíobla Naofa 1981

Go dearfa, ní dhéanann an Tiarna aon rud gan a rún a ligean lena sheirbhísigh, na fáithe.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Dúirt an Tiarna leis féin: “An gceilfidh mé ar Abrahám an ní atáim ar tí a dhéanamh,

Dúirt Dia le Naoi: “Chinn mé deireadh a chur leis an uile fheoil, óir tá an talamh lán d'fhoréigean dá mbarr. Féach, scriosfaidh mé iad agus an talamh mar aon leo.

“Gabhaigí i gcomhairle leis an Tiarna thar mo cheann féin agus thar ceann an phobail i dtaobh a bhfuil sa leabhar seo a fuarthas anois beag. Ní foláir nó is mór atá fearg an Tiarna fadaithe inár n‑aghaidh de bhrí nach raibh ár n‑aithreacha umhal d'fhocail an leabhair seo agus nár chuir siad gach rud i gcrích atá scríofa ann.”

Dá bhrí sin déanfaidh mé thú a chruinniú chun do shinsear, agus déanfar do chnámha a bhreith faoi shuaimhneas chun na huaighe. Ní fheicfidh tú le do shúile cinn na tubaistí go léir atá ar aigne agam a thabhairt ar an áit seo.’ ” Thugadar an freagra sin leo ar ais go dtí an rí.

“Níl aon duine againn, a thiarna mo rí,” arsa duine dá fheidhmeannaigh, “ach is é Eilíseá, an fáidh in Iosrael, a fhoilsíonn do rí Iosrael gach a ndeir tú i do sheomra codlata.”

Tá gean an Tiarna ar lucht a eaglaithe agus is dóibh a fhoilsíonn sé a chonradh.

Óir is é seo atá an Tiarna a rá liom: “Ón áit a bhfuil mo chónaí, tá mé ag breathnú uaim go socair, le linn loinnir agus ruithne teasa, le ceo drúchta i mbrothall an fhómhair.”

An raibh siad i láthair ag mo chomhairle? Má bhí, fógraídís mo bhriathra do mo phobal, agus tabhraidís orthu filleadh óna slí urchóideach agus ó olc a ngníomhartha.

“An lá sin tabharfaidh mé ar adharc eascairt as muintir Iosrael agus ligfidh mé duit do bhéal a oscailt chun labhairt leo. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”

Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta, mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir. Ach thug mé cairde oraibh, óir gach a gcuala ó m'Athair, chuir mé in iúl daoibh é.

Is é seo apacailipsis Íosa Críost a thug Dia dó chun go dtaispeánfadh sé dá sheirbhísigh cad iad na nithe nach foláir a theacht gan mhoill; sheol sé a aingeal uaidh agus chuir in iúl é d'Eoin a sheirbhíseach;

Scríobh, más ea, a bhfuil feicthe agat, agus a bhfuil ann, agus a bhfuil le teacht ina ndiaidh seo.

ach sna laethanta a ghlaofaidh an seachtú haingeal, nuair a bheidh sé ar tí a thrumpa a shéideadh, ansin beidh rúndiamhair Dé arna comhlíonadh faoi mar a d'fhógair sé dá sheirbhísigh, na fáithe.”

Bhí fís agam ina dhiaidh sin, agus ba shiúd doras oscailte ar neamh, agus an chéad ghlór a chuala ag labhairt liom mar ghlór trumpa, bhí sé á rá: “Gabh anseo aníos agus taispeánfaidh mé duit a gcaithfidh teacht ina ndiaidh seo.”

Bhí foilsiú tugtha ag an Tiarna do Shamúéil an lá sular tháinig Sól, á rá:




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí