Amos 3:12An Bíobla Naofa 1981Mar seo a deir an Tiarna: Mar a sciobann an t‑aoire ó bhéal an leoin dhá chois nó leadhb de chluais, is mar sin a fhuasclófar clann Iosrael a chónaíonn sa tSamáir, agus gan ach cnaiste leapa nó trasnán de chathaoir thoilg slánaithe acu. Féach an chaibidil |
Sea, is mar seo a dúirt an Tiarna liom: Mar a bheadh leon nó coileán leoin ag gnúsacht os cionn a chreiche, agus na haoirí á ngairm amach líon a slua ina choinne, gan scáth a theacht air lena scairteach, ná scaoll lena gcallán, is amhlaidh a thiocfaidh Tiarna na Slua anuas chun catha ar shliabh Shíón agus ar a chnocán ard.