Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Amos 3:10

An Bíobla Naofa 1981

“Níl aon chiall do chothrom na féinne acu,” a deir an Tiarna, “ach líonann siad a bpáláis leis an gcreach a fuair siad le foréigean agus le slad.”

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Ní dheachaigh aon ní slán óna ampla, Agus anois ní bheidh a chonách buan.

An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc? Slogann siad mo phobal go díreach mar a shlogfaí arán. Níor ghlaoigh siad ar an Tiarna.

Gheobhaimid maoin de gach sórt, agus líonfaimid ár dtithe le creach.

Tuilleann bean ghrástúil onóir [dá fear]; [níl sa bhean gan meas ar an gcóir ach easonóir faoi réim].

Ní thuigeann na hurchóidigh cad is cóir ann, ach tuigeann lucht eagla an Tiarna gach ní.

Ina theannta sin chonaic mé an t‑ansmacht go léir a dhéantar abhus faoi luí na gréine: mar shampla, deora lucht fulaingthe an ansmachta agus gan aon duine ann chun iad a shólású, agus an chumhacht i lámha na ndaoine a imríonn ansmacht orthu agus gan aon duine ann chun fortacht a thabhairt dóibh.

“Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta; níl aithne acu orm. Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu. Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh, ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”

“Is iad na miondaoine amháin nach bhfuil aon chiall acu,” arsa mise, “mar níl a fhios acu slí an Tiarna, ná reacht a nDé.

Ní imríonn sé éagóir ar aon duine, ach tugann sé a gheall ar ais dá fhéichiúnaí; ní ghoideann sé, ach tugann arán don ocrach agus éadaí don nocht.

Tá éagóir agus slad ar siúl ag muintir na tíre; chráigh siad an bochtán agus an t‑ainniseoir agus thug drochíde don chuairteoir gan fáth.

Dúirt sé liom ansin: “An bhfuil seo feicthe agat, a mhic an duine? Nach bhfuil sé suarach go leor ag muintir Iúdá go mbíonn a leithéid d'imeachtaí gránna ar siúl acu anseo, go líonann siad an tír le foréigean agus go ngríosaíonn siad chun tuilleadh feirge mé? Féach, cuireann siad an chraobh lena srón.

Cibé uair is mian liom Iosrael a leigheas, nochtar urchóid Eafráim agus olcas na Samáire. Óir is í an chaimiléireacht a chleachtann siad; bíonn an gadaí ag briseadh isteach sna tithe, agus ropairí ag tabhairt ruaigeanna creiche lasmuigh.

Éistigí leis an bhfocal seo, a bha Bháiseán, a chónaíonn ar shliabh na Samáire, sibhse a chiapann an bochtán, a fháisceann ar an dearóil, a deir le bhur bhfir chéile: “Tabhair chugainn deoch go n‑ólaimid.”

[Is mairg] dóibh siúd a dhéanann mormónta as an bhfíréantacht a chaitheann an ceart uathu ar lár;

An ritheann capaill ar charraigeacha? An dtreabhtar an fharraige le daimh? le go ndéanfadh sibh nimh den cheart agus mormónta de thoradh an ionracais.

Sibhse a mheasann an drochlá a chur ar cairde, is ag luathú réim an uafáis chugaibh féin atá sibh!

Mhionnaigh an Tiarna Dia dar a cheann féin, - is é an Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn - Is fuath liom díomas Iacóib, is beag orm a pháláis; tréigfidh mé an chathair agus a bhfuil inti.

An amhlaidh a chaithfidh mé an taisceadh éagórach agus an buiséal gann mallaithe a cheadú freisin?

An lá sin smachtóidh mé na daoine go léir a léimeann thar an tairseach agus a líonann pálás a dtiarna le foréigean agus le camastaíl.

Déanann siad dearmad d'aon ghnó de seo, go raibh na spéartha ann anallód, agus gur cumadh an domhan as an uisce agus tríd an uisce le briathar Dé;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí