Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Amos 2:7

An Bíobla Naofa 1981

de bhrí go satlaíonn siad ar cheann an bhochtáin agus go gcaitheann siad an dearóil ar leataobh, de bhrí go dtaithíonn an t‑athair agus an mac an striapach chéanna, rud is masla do m'ainm naofa,

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Ach ó thug tú barr masla don Tiarna tríd an ngníomh seo, gheobhaidh an leanbh a ghin tú bás.”

Chuaigh Acháb abhaile agus gruaim agus crá air mar gheall ar fhocail Nábót ó Izréil: “Ní thabharfaidh mé oidhreacht mo shinsear duit.” Luigh sé ar a leaba agus d'iompaigh a aghaidh ó radharc agus dhiúltaigh sé bia a ithe.

Ní maith é leathchuma a dhéanamh ar aon duine; ach déanfaidh daoine éagóir ar son ghreim aráin.

Is mairg dóibhsean a reachtaíonn reachtanna éagóra, do scríobhaithe scríbhinní na hurchóide,

a dhiúltaíonn an cothrom do na dearóil, agus a chuireann bochtáin mo mhuintire as a gceart, a dhéanann na baintreacha a chreachadh agus a dhéanann slad ar na dílleachtaí.

Tá an Tiarna ag daoradh seanóirí agus prionsaí a phobail. “Is sibhse a chreachann an fíonghort agus a cheileann seilbh an bhochtáin in bhur dtithe.

Cén ceart atá agaibh chun mo phobál a bhascadh, agus aghaidh na mbochtán a bhrú?” Is é sin fáistine Thiarna Dia na Slua.

Déanann fear acu drúis ghránna le bean a chomharsan; truaillíonn fear eile bean a mhic; an tríú fear sáraíonn sé a dheirfiúr féin, iníon a athar.

Agus anois, thruailligh siad m'ainm naofa i measc na gciníocha cibé áit a ndeachaigh siad, ionas go ndeirtear fúthu: ‘Sin iad pobal an Tiarna, ach tá siad ar deoraíocht óna thír.’

Ach ní chúiteoidh mé a striapachas le bhur n‑iníonacha, ná a gcuid adhaltranais le mná céile bhur mac; óir déanann siad san caidreamh le striapacha ar leithligh, agus ofrálann siadsan, na sagairt, íobairtí i gcuideachta meirdreach cultais. Sa tslí sin tá pobal gan chiall ag brostú leo ar aghaidh ar bhealach a bhasctha.

Ná bain an folach de nochtacht do bhean mhic; ós í bean do mhic í, ná bain an folach dá nochtacht.

Ná lig aon duine de do chlann a thíolacadh trí thine do Mhoilic, agus ainm do Dhé a thruailliú ar an gcuma sin. Mise an Tiarna.

Ná bain an folach de nochtacht bhean d'athar; is í nochtacht d'athar í.

Cuirfidh mé féin púic orm chun an duine sin, agus gearrfaidh mé amach óna phobal é, mar gur thug sé leanbh leis do Mhoilic agus gur thruailligh sé mo shanctóir agus gur mhaslaigh sé m'ainm naofa ar an gcuma sin.

Éistigí leis an bhfocal seo, a bha Bháiseán, a chónaíonn ar shliabh na Samáire, sibhse a chiapann an bochtán, a fháisceann ar an dearóil, a deir le bhur bhfir chéile: “Tabhair chugainn deoch go n‑ólaimid.”

Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán, agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air, na tithe sin a thóg sibh le clocha snoite ní chónóidh sibh iontu; na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibh ní ólfaidh sibh a bhfíon.

Óir is eol domsa iomad bhur gcionta agus méid bhur bpeacaí; sibhse a chiapann na fíréin, a ghlacann an bhreab, a chaitheann an dearóil ar leataobh sa gheata.

Éistigí leis seo, sibhse a shatlaíonn ar na hainniseoirí chun bochtáin na tíre a dhíothú.

Santaíonn siad goirt agus gabhann siad iad; cuireann siad a ndúil i dtithe agus glacann siad seilbh orthu; déanann siad éagóir ar dhuine agus coigistíonn siad a theach; creachann siad duine eile agus baineann siad de a oidhreacht.

Díbríonn sibh bantracht mo phobail amach as a dtithe breátha agus baineann sibh dá leanaí an gradam a bhronn mise orthu.

Leoin ag búiríl is ea na huaisle atá istigh inti; mic tíre choineascracha nach raibh dada le creimeadh acu ar maidin, is ea a cuid breithiúna.

Mar de réir an scrioptúir: “Is sibhse faoi deara ainm Dé a bheith á mhaslú i measc na ngintlithe.”

Táthar á rá go forleathan go bhfuil an drúis in bhur measc agus is drúis i nach bhfaightear i measc na bpágánach féin;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí