Amos 2:4An Bíobla Naofa 1981Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Iúdá, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur thug siad a gcúl le dlí an Tiarna agus nár choinnigh siad a aitheanta, ach gur chuir na déithe bréige a lean a n‑aithreacha ar seachrán iad, Féach an chaibidil |
Ach d'éirigh muintir Iosrael amach i mo choinne san fhásach; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, ach dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, agus thruailligh siad mo shabóidí go mór. “Shocraigh mé ansin go ndoirtfinn mo dhíoltas anuas orthu san fhásach á léirscrios.