an laoch is cróga teithfidh sé leis gan chathéide an lá sin, a deir an Tiarna.
Is solasmhar maorga thú, a Thiarna; is cumhachtaí tú ná [na sléibhte síoraí].
Tógfar i láimh na bailte, beidh seilbh ar na háiteanna daingne. (“Agus beidh croí na bhfear cogaidh an lá sin i Móáb mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.)
Rug siad air, ach lig sé an brat leo agus rith uathu agus é nocht.
Theith Síseará de chois go both Iáéil, bean Heibir an Céineach, óir bhí síocháin idir Iábaín rí Házór agus Heibir an Céineach.