Thug mé aníos sibh fosta ó thír na hÉigipte agus threoraigh daichead bliain san fhásach sibh chun go bhfaigheadh sibh dúiche an Amóraigh mar oidhreacht.
Tháinig mé anuas chun iad a fhuascailt as lámha na nÉigipteach agus chun iad a sheoladh as an tír sin isteach i dtír mhéith fhairsing, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach.
Ní dúirt siad riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna, a thug aníos sinn as tír na hÉigipte, a threoraigh sinn tríd an bhfiántas, trí fhearann lom fásaigh, tír thriomaigh dhorcha, tír nach siúlann aon taistealaí agus nach bhfuil cónaí duine ann?’
“Nach ionann domsa sibhse agus clann na nAetóipeach, a chlann Iosrael,” a deir an Tiarna. “Nach mise a thug Iosrael aníos ón Éigipt, nár thug mé chomh maith céanna na Filistínigh ó Chaftór agus na hAramaeigh ó Chír?
Óir is mise a thug suas as críocha na hÉigipte thú; mise a d'fhuascail thú as teach na daoirse. Chuir mé Maois os do chionn agus Árón agus Miriám in éineacht leis.
Ansin chromadar ar thromaíocht le clann Iosrael ar an tír a bhí braite acu: “An tír a ndeachamar ag taiscéaladh air, is tír é a alpann lucht a áitrithe. Bhí toirt ainspianta i ngach fear dá bhfacamar ann.
Las fraoch feirge an Tiarna in aghaidh Iosrael agus chuir sé le fán iad san fhásach ar feadh daichead bliain, go dtí gur díothaíodh an ghlúin a pheacaigh i láthair an Tiarna.
Ach d'iompaigh Dia uathu agus lig dóibh adhradh a thabhairt do na ranna neimhe de réir mar atá scríofa i leabhar na bhfáithe: ‘Ní domsa a thug sibh tíolacthaí agus íobairt ar feadh daichead bliain san fhásach, a theaghlach Iosrael;
Bhur miondaoine leis, iad siúd a dúirt sibh a ghabhfaí mar chreach, agus nach bhfuil fios na maitheasa agus an oilc fós acu, rachaidh siadsan ansiúd isteach; tabharfaidh mé dóibh é agus beidh sé ina seilbh acu.
Chuir an Tiarna bhur nDia a bheannacht ort i mbun do ghnothaí go léir; choimeád sé a shúil oraibh agus sibh ag gabháil tríd an bhfásach fairsing seo; bhí an Tiarna do Dhia in do choimhdeacht an daichead bliain sin; ní raibh aon ní riamh de dhíth ort.’
Thug mé ina dhiaidh sin sibh go críoch na nAmórach, cine a bhí lonnaithe ar an taobh thall den Iordáin. Throid siadsan libh agus thug mé ar láimh daoibh iad ionas gur ghlac sibh seilbh ar a dtír mar gur scrios mé romhaibh iad.