Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



3 Eoin 1:1

An Bíobla Naofa 1981

Ón Seanóir do Gháias ionúin a bhfuil fíorghrá agam dó.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Rinne siad amhlaidh agus chuir siad Barnabas agus Sól go dtí na seanóirí leis an airgead.

Leath an gleo ar fud na cathrach; rug siad ar Gháias agus Arastarchos, beirt Mhacadónach a bhí ina gcompánaigh ag Pól, agus rith siad leo in éineacht isteach san amharclann.

Chuaigh Sópataer mac Phurais, Bearóiach, lena chois, agus beirt Teasalónach, Arastarchos agus Seacundas, agus Gáias Deirbéach agus Tiomóid agus beirt Áiseach, Tichiceas agus Troifimeas.

Beannacht chugáibh ó Gháias, fear an tí seo atá ina dhea-thíosach don eaglais go léir; beannacht ó Earastas, cisteoir na cathrach, agus ón mbráthair Cuartas.

Buíochas le Dia nár bhaist mise duine ar bith agaibh ach amháin Criospas agus Gáias.

Impím ar na seanóirí in bhur measc, agus is comhsheanóir libh mise agus finné ar pháis Chríost, agus táim páirteach libh sa ghlóir atá le foilsiú.

A chlann liom, ná tugaimis grá briathair ná cainte amháin, ach grá gnímh agus fírinne.

A bhráthair na páirte, guím rathúnas ort in iomlán do ghnóthaí, agus sláinte, fearacht an rathúnais anama atá ort cheana féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí