Chreid Criospas, uachtarán na sionagóige, sa Tiarna, áfach, é féin agus a theaghlach go léir. Agus mórán de na Corantaigh a bhíodh ag éisteacht le Pól, chreid siad agus baisteadh iad.
agus sheolamar linn as sin agus amárach a bhí chugainn bhíomar os comhair Chíos. Sroicheamar Samos an lá dár gcionn agus an lá ina dhiaidh sin bhaineamar amach Míléatas.
Chuaigh Sópataer mac Phurais, Bearóiach, lena chois, agus beirt Teasalónach, Arastarchos agus Seacundas, agus Gáias Deirbéach agus Tiomóid agus beirt Áiseach, Tichiceas agus Troifimeas.
Is amhlaidh a bhí siad tar éis Troifimeas ó Eifeasas a fheiceáil ina theannta sa chathair agus cheap siad go raibh Pól tar éis é a thabhairt isteach sa Teampall.
Beannacht chugáibh ó Gháias, fear an tí seo atá ina dhea-thíosach don eaglais go léir; beannacht ó Earastas, cisteoir na cathrach, agus ón mbráthair Cuartas.