Nuair a bheidh tú ag teacht beir leat an clóca a d'fhág mé ag Carpas i dTróas agus beir leat na leabhair chomh maith, go háirithe na meamraim.
agus an té a chuirfeadh an dlí ort chun do léine a bhreith uait, scaoil leis do bhrat chomh maith.
Chuamar ar bord loinge i dTróas agus ceann ar aghaidh as sin go Samotráicé agus an lá ina dhiaidh sin go Neapoil
Ghluais siad leo thar Mhisia dá bhrí sin agus síos go Tróas.
Is é rud a chuir an chumha ar fad orthu, an focal úd a dúirt sé nach bhfeicfidís a ghnúis ní ba mhó. Agus rinne siad é a thionlacan chun na loinge.
Go dtí an uair seo féin tá ocras agus tart agus easpa éadaigh orainn; bítear ag gabháil de dhoirne orainn agus gan teach ná treibh againn.
Ba mhinic ag saothar agus ag tiaráil mé agus ar easpa codlata; ba mhinic ocras agus tart orm agus mé gan bhia, gan teas, gan éadach.