Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Tiomóid 3:6

An Bíobla Naofa 1981

Tá daoine orthu a shleamhnaíonn isteach i dtithe agus a chuireann cluain ar óinseacha ban a bhfuil ualach peacaí orthu agus iad mearaithe ag mianta éagsúla,

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Ní slán do mo cholainn de dheasca d'fheirge níl folláine i mo chnámha de thoisc mo pheaca.

Och, a phobal na bpeacaí, a chine atá crom le drochbhearta, a shliocht na míghníomh, a chlann thruaillithe! Thréig siad an Tiarna, thug tarcaisne do Neach Naofa Iosrael, d'iompaigh siad uaidh i leith.

“Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh, agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh.

“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.

(“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n‑alpann sibh cuid na mbaintreach, faoi scáth urnaithe fada; is troimide bhur ndaorbhreith.)

Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.

ach go dtagann cúraimí an tsaoil agus mealladh an tsaibhris agus mianta i rudaí eile isteach, go bplúchann siad an briathar agus fágtar gan toradh é.

Tá a fhios agaibh fad a bhí sibh in bhur bpágánaigh go mbíodh sibh do bhur seoladh ar mearbhall i ndiaidh na n‑íol balbh.

Ach an bhaintreach atá aerach, tá sí marbh cheana féin d'ainneoin í bheith beo.

Iad sin a mbíonn dúil sa saibhreas acu titeann siad i gcathú agus gabhtar sa líon iad ag na hainmhianta iomadúla baotha díobhálacha úd a tharraingíonn daoine ar bhealach a millte agus a mbascaithe.

Ní mór iad sin a chur ina dtost, mar go múineann siad nithe nach cuí agus go gcuireann siad teaghlaigh iomlána ó rath ar mhaithe le breis shuarach.

Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha d'ainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán d'urchóid agus d'fhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile.

Óir, le hainmhianta drabhlásacha collaí, bíonn siad ag mealladh na ndaoine d'éalaigh le déanaí ón muintir atá ag caitheamh a saoil ar seachrán, lena ngártha bladhmannacha baoise.

Ós rud é go bhfuil seo ar eolas agaibh roimh ré, a chairde cléibh, féachaigí chuige nach scuabfar de bhur mbonna sibh le hearráid lucht coirpeachta agus bhur ndaingne a chailliúint.

Iad sin lucht an mhonabhair a bhíonn ag gearán faoina gcinniúint, a ghéilleann dá n‑ainmhianta, a mbíonn clab orthu le huaill agus a bhíonn ag bladar le daoine ar mhaithe leo féin.”

mar dúirt siadsan libh: “Ag críoch na ré, beidh scigirí ann a dhéanfaidh de réir a n‑ainmhianta coirpeachta féin.”

Tá bheith istigh faighte ag daoine áirithe, dream a marcáladh le fada roimh ré don bhreithiúnas seo, éagráifigh a dhéanann grásta ár nDé a chlaochlú ina dhrabhlás, agus a shéanann ár n‑aon mháistir agus Tiarna, Íosa Críost.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí