Gach cuid den scrioptúr, tá tinfeadh Dé faoi agus tá tairbhe ann chun teagasc a thabhairt, chun earráidí a bhreagnú, chun daoine a cheartú agus iad a mhúineadh chun fíréantachta
An amhlaidh atá alltacht ar theaghlach Iacóib? An bhfuil briste ar an bhfoighne ag an Tiarna? An é sin an rud is nós leis a dhéanamh? Nach dea-chroíoch iad na briathra a labhraíonn sé lena phobal féin Iosrael?
Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.”
Dúirt Íosa leo: “Nár léigh sibh riamh sna scrioptúir: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne; obair an Tiarna é seo agus is iontach inár súile é’?
Is é Dáiví féin a dúirt faoi luí an Spioraid Naoimh: ‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis, nó go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’
“A bhráithre,” ar sé, “níorbh fholáir an tuar a theacht faoin tairngreacht úd a labhair an Spiorad Naomh sa scrioptúr trí bhéal Dháiví faoi Iúdás, an fear a rinne eolas na slí dóibh siúd a ghabh Íosa,
Bhí oiliúnt faighte aige ar bhealach an Tiarna, agus cé go labhraíodh sé go díograiseach agus go dtugadh sé teagasc cruinn faoi Íosa, ní raibh ar eolas aige ach baisteadh Eoin.
Bhí easaontas eatarthu agus iad ag imeacht agus is é a dúirt Pól leo mar fhocal scoir: “Is maith mar a labhair an Spiorad le bhur n‑aithreacha trí bhéal Íseáia fáidh nuair a dúirt sé:
Chonaic an scrioptúr roimh ré gur de bharr an chreidimh a fhíréanódh Dia na gintlithe agus réamhfhógair an dea-scéal sin d'Abrahám: “Beannófar ionatsa na náisiúin uile.”
“Baineann na rúin leis an Tiarna ár nDia; ach na nithe a fhoilsítear, is linne iad agus lenár gclann go deo d'fhonn go ndéanfaimís briathra uile an dlí seo a chomhlíonadh.
Óir, tá briathar Dé beoúil bríomhar; is géire é ná aon chlaíomh dhá bhéal; téann sé isteach idir anam agus spiorad, idir smior agus smúsach agus tugann sé breith ar chlaonta agus ar smaointe an chroí.