Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Tiomóid 3:11

An Bíobla Naofa 1981

Tá eolas curtha agat ar mo ghéarleanúintí agus m'angair, mar a d'éirigh dom in Aintíoch agus in Iocoiniam agus i Liostra agus ar ghabh mé tríothu de ghéarleanúintí. Ach thug an Tiarna slán mé uathu uile.

Féach an chaibidil Cóip

43 Tagairtí Cros  

An t‑aingeal a d'fhuascail mé ó gach olc, go mbeannaí sé na buachaillí seo! Go maire mo ainmse iontu, agus ainm m'aithreacha Abrahám agus Íosác. Go dté siad i líonmhaire agus in iomadúlacht ar chlár na cruinne.”

Dúirt Dáiví focail na laoi seo leis an Tiarna nuair a shaor an Tiarna é as láimh a naimhde go léir agus as láimh Shóil.

a shaor mé ó mo naimhde, a d'ardaigh mé os cionn lucht m'ionsaithe, a d'fhuascail mé ó fhear an éigin.

Bíonn an Tiarna i ngar don lucht coscartha agus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach.

Tiocfaidh an Tiarna i gcabhair orthu lena bhfuascailt; sábhálfaidh sé iad ó na hurchóidigh de bhrí gurb ann atá a ndóchas.

De bharr a dhilghrá dom déanfaidh mé a shaoradh, agus a dhíonadh toisc gur admhaigh sé m'ainm.

Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.

Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín, a fhrídín, a Iosrael. Táimse ag teacht i gcabhair ort - briathar an Tiarna - is é Neach Naofa Iosrael d'fhuascailteoir.

Má ghabhann tú trí uiscí doimhne, táimse leat; má ghabhann tú trí aibhneacha, ní bháfaidh siad thú. Má shiúlann tú tríd an tine, ní dhófaidh tú thú féin, ná ní loiscfidh an lasair thú.

Troidfidh siad i d'aghaidh, ach ní bhéarfaidh siad bua ort, óir táimse leat agus tusa faoi mo choimirce - is é an Tiarna a labhraíonn.”

Lean siadsan orthu nó gur tháinig siad go dtí Aintíoch na Pisíde. Chuaigh siad isteach sa tsionagóg lá na sabóide agus shuigh siad fúthu.

Nuair a chonaic na Giúdaigh na sluaite daoine, bhí siad lán d'fhormad agus bhréagnaigh siad go tarcaisniúil gach a raibh á rá ag Pól.

Bhí ina shuí i Liostra fear a bhí gan lúth na gcos: bhí sé ina mhairtíneach ó bhroinn a mháthar agus níor shiúil sé riamh.

go raibh mé i mo sheirbhíseach lándeorach don Tiarna ainneoin gach cros dár rug orm trí chealga na nGiúdach;

Bhí an t‑achrann ag dul chomh mór sin i méid go raibh eagla ar an gceannasaí go sracfaí Pól as a chéile; dá bhrí sin d'ordaigh sé don arm dul síos agus Pól a tharrtháil uathu agus é a thabhairt isteach sa dúnfort.

Tabharfaidh mé slán tú ó do phobal féin agus ó na gintlithe mar is chucusan atáim do do chur

Ach le cabhair ó Dhia táim ag seasamh an fhóid go dtí an lá inniu, ag tabhairt faisnéise do bheag agus do mhór ach gan aon ní á rá agam thar an méid a dúirt na fáithe agus Maois a bhí le titim amach:

Taispeánfaidh mise dó a bhfuil le fulaingt aige ar son m'ainmse.”

go dtiocfaidh mé slán ó dhíchreidmhigh Iúdáia agus go mbeidh na naoimh lánsásta le mo chabhair do Iarúsailéim;

Óir má fhaighimid flúirse de pheannaidí Chríost, faighimid flúirse sóláis ó Chríost chomh maith céanna.

Agus tá bonn maith lenár ndóchas asaibh, de bhrí go dtuigimid, ó tá sibh páirteach inár bpianta, go mbeidh sibh i bpáirt linn sa sólás chomh maith.

Sin é fáth go bhfuilim sásta le mo laigí, leis na tarcaisní, na hangair, na géarleanúintí agus na cúngrachtaí a bhíonn le fulaingt agam ar son Chríost. Mar nuair a bhím lag, sin í an uair a bhím láidir.

Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam.

tá a fhios ag an Tiarna conas na fíréin a fhuascailt ó thriail ach na coirpigh a choinneáil á bpionósú go lá na breithe,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí