Chuir an rí fios ar Iahóideá a gceannasaí agus dúirt leis: “Cén fáth nár éiligh tú ar na Léivítigh an cháin a leag Maois, searbhónta an Tiarna, ar chomhthionól Iosrael do Bhoth na Fianaise, a thobhach ar Iúdá agus ar Iarúsailéim?
Mar a dhéanfadh aoire ag aoireacht a thréada dó, ag bailiú na n‑uan chuige ina bhaclainn, á n‑iompar ar chlár a uchta agus ag fosaíocht na gcaorach tórmaigh.
Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go Iarúsailéim chun dul i gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.
Mhéadaigh ar an ngleo, agus d'éirigh roinnt scríobhaithe de chuid na bhFairisíneach agus thosaigh siad ag maíomh go colgach: “Ní fhaighimid aon locht ar an bhfear seo. Más ea féin gur labhair aingeal nó spiorad leis...”
Lá arna mhárach tháinig sé orthu agus iad ag bruíon le chéile agus nuair a d'fhéach sé le síocháin a dhéanamh eatarthu, á rá: ‘A fheara, nach bráithre sibh? Cad uime a bhfuil sibh ag déanamh éagóra ar a chéile?’
Tá achainí phearsanta á iarraidh agam oraibh as ucht cineáltas agus ceansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh.
Déanaigí gach ní gan chasaoid ná argóint, ar shlí go mbeadh sibh gan locht gan urchóid, in bhur gclann gan cháim ag Dia i lár glúine atá truaillithe claon
Cuirigí suas le chéile agus cibé locht a bhíonn ag duine agaibh ar dhuine eile maithigí dá chéile é; faoi mar a mhaith an Tiarna daoibh, déanaigí-se mar an gcéanna.
Ach ós óglach Dé tusa, seachain na nithe sin. Bíodh tóir agat ar an bhfíréantacht, ar an gcráifeacht, ar an gcreideamh, ar an ngrá, ar an bhfoighne agus ar an láchas.
Mise Pól, seirbhíseach do Dhia agus aspal le hÍosa Críost agus é mar fheidhm agam an creideamh a thabhairt dóibh sin atá tofa ag Dia agus iad a chur ar eolas na fírinne a sheolann chun na cráifeachta iad
Ní mór dó cloí go dlúth leis an teagasc fíor mar a múineadh dó féin é, i dtreo go mbeidh ar a chumas daoine eile a spreagadh leis an oideas folláin céanna agus lucht a bhréagnaithe a cheartú.
Ach an eagna ó lastuas tá sí ar dtús íon, ansin síochánta, cineálta, sochomhairlithe, lán de thrócaire agus de dhea-thorthaí, gan leathchuma, gan cur i gcéill.
Santaíonn sibh rud éigin agus níl sé agaibh; maraíonn sibh agus lorgann sibh, ach ní féidir daoibh teacht air; fearann sibh cath agus cogadh, ach ní fhaigheann sibh seilbh mar nach n‑iarrann sibh.
Mar fhocal scoir, bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre; bíodh trócaire in bhur gcroí agus uirísle in bhur meon.
A chairde cléibh, bhí an-fhonn orm scríobh chugaibh faoin slánú ina bhfuilimid páirteach; agus b'éigean dom scríobh chugaibh á impí oraibh troid go dian ar son an chreidimh a seachadadh aon uair amháin do na naoimh.