Ní árthaí óir agus airgid amháin a bhíonn i dteach mór ach árthaí adhmaid agus árthaí cré chomh maith. Bíonn feidhm uasal le cuid acu sin agus feidhm anuasal le cuid eile.
Chabhraigh a gcomharsana leo ar gach bealach le hairgead, le hór, le maoin, le heallach agus le tabhartais luachmhara, agus le hofrálacha deonacha de gach sórt.
Na soithí óir agus airgid, le Teampall Dé, a thóg Nabúcadnazar ón sanctóir in Iarúsailéim, agus a thug sé leis go dtí an Bhablóin, tugtar ar ais iad, i dtreo go ndéanfar gach ní a thabhairt ar ais go dtí an sanctóir in Iarúsailéim agus go gcuirfear isteach i dTeampall Dé arís iad.”
Déanfaidh tú miasa le breith ar a luaithreach, agus liacha, agus báisíní, agus gabhla, agus oighinn; de chré-umha a dhéanfaidh tú soithí uile na haltóra.
i dtreo, má chuirtear moill féin orm, go mbeidh a fhios agat conas is cóir duit tú féin a iompar i dteaghlach Dé, is é sin le rá, in Eaglais Dé bheo - an Eaglais atá ina cranntaca agus ina bunsraith don fhírinne.
agus tógtar sibhse féin, faoi mar ba bheochlocha sibh, in bhur n‑áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost.