Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Tiomóid 2:14

An Bíobla Naofa 1981

Cuir an méid sin i gcuimhne don phobal agus tabhair foláireamh dóibh i bhfianaise Dé gan bheith ag iomarbhá le chéile mar nach mbíonn dá thairbhe ach an lucht éisteachta a chur ar mhíthreoir.

Féach an chaibidil Cóip

30 Tagairtí Cros  

Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean, mo chúl dídine i lá na hainnise! Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talún agus déarfaidh siad: “Níor ghabh ár n‑aithreacha d'oidhreacht ach bréaga, díomhaoinis agus nithe gan tairbhe.

An malartaíonn cine a ndéithe? - agus ní déithe in aon chor iad seo! Ach mhalartaigh mo phobalsa a nglóir ar rud gan mhaith.

Níor fhiafraigh na sagairt riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna?’ Lucht riartha an dlí ní eol dóibh mé. D'éirigh na tréadaithe amach i m'aghaidh; rinne na fáithe tairngreacht trí Bhál, ag leanúint nithe nach dtairbhíonn.

Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha - an Tiarna a labhraíonn - a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad - an Tiarna a labhraíonn.

Ach ná leanaigí oraibh á rá: ‘Ualach an Tiarna’, nó is ualach a bheidh ann cinnte don té a deir é, mar claonann sibh briathra Dé bheo, Tiarna na Slua, ár nDia.

Ach seo sibh ag cur muiníne i mbriathra mealltacha gan tairbhe.

Cén tairbhe é íomhá ghreanta le go ndealbhódh a déantóír í chor ar bith? nó dealbh teilgthe, oracal bréagach, le go gcuirfeadh a déantóir a mhuinín inti agus gan ach dealbha balbha á ndéanamh aige?

Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?

“A dhuine atá lán den uile chealg is ghliceas,” ar seisean, “a mhic an diabhail agus a namhaid na huile chóra, nach stadfá de bheith ag camadh slite díreacha an Tiarna?

Is clos dúinn go ndeachaigh daoine áirithe dár muintirne amach chugaibh agus go ndearna siad sibh a bhuaireamh agus bhur n‑aigne a shuaitheadh lena gcuid teagaisc agus gan aon údarás acu uainne.

Bíodh glacadh agaibh leis an duine atá lag sa chreideamh gan dul ag conspóid leis faoina thuairimí.

Níl aon dea-scéal eile ann ar ndóigh ach go bhfuil daoine áirithe ag cur mearbhaill oraibh agus ag iarraidh dea-scéal Chríost a chur as a riocht.

Is é a deirim libh, mar sin, in ainm an Tiarna, gan bhur saol a chaitheamh ar nós na bpágánach a mbíonn a n‑aird ar nithe baotha,

Rud eile de, a bhráithre, fuair sibh le fios uainne - conas ba chóir daoibh bhur saol a thabhairt chun Dia a shásamh agus tá sibh ag déanamh amhlaidh cheana. Táim á iarraidh d'achainí anois oraibh in ainm an Tiarna Íosa, déanamh níos fearr fós.

Táim ag tabhairt foláirimh daoibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, fanacht amach ó bhráthair ar bith a chaitheann a shaol díomhaoin agus nach leanann an treoir a fuair sibh uainne.

agus gan bheith tugtha d'fhabhalscéalta agus do ghinealaigh gan teorainn, mar gur nithe iad sin a chothaíonn conspóidí in ionad beartas Dé a chur chun cinn, beartas atá bunaithe ar chreideamh.

Tá daoine ann a chlaon ó na nithe sin agus a d'iompaigh ar an mbaothchaint;

Is beag an tairbhe an aclaíocht choirp, ach is mór go deo an tairbhe an chráifeacht, mar go bhfuil tuar na beatha inti abhus agus thall.

I bhfianaise Dé agus Íosa Críost agus i bhfianaise na n‑aingeal atá tofa aige cuirim de gheasa ort na rialacha sin a choinneáil gan leathchuma, gan camadh gan claonadh.

I láthair Dé a thugann beatha don uile ní, agus i láthair Chríost Íosa a rinne a dhea-admháil féin chreidimh os comhair Phoint Pióláit, achtaím ort,

Sin é an fáth a bhfuilim á chur i gcuimhne duit tabhartas Dé a athmhúscailt, an tabhartas úd a fuair tú nuair a chuir mise mo lámha ort.

Ach seachain an ghaothaireacht aindiaga, mar an mhuintir a chleachtann í is ag dul in éagráifeacht a bheidh siad

Seachain chomh maith na díospóireachtaí baotha seafóideacha agus a fhios agat nach ndéanann siad ach achrann a chothú.

I bhfianaise Dé agus i bhfianaise Chríost Íosa atá chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, achtaím ort dar a thaibhsiú agus dar a ríocht

Cuir i gcuimhne dóibh bheith umhal do rialtóirí agus do lucht ceannais; bheith géilliúil agus ullamh chun gach gníomh fónta a dhéanamh;

Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta [Dé] ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo.

Is dóigh liom gur chóir dom, fad táim i mboth seo an choirp, a bheith do bhur múscailt le rabhadh,

Ná casaigí i leataobh ar thóir íol baoth nach féidir dóibh cabhair ná fuascailt a thabhairt mar gur baoth iad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí