Tamall beag eile agus siúd é an saol agus gan radharc aige ormsa feasta; ach tá radharc agaibhse orm, óir táimse beo agus beidh sibhse beo chomh maith.
Is fíor gur céasadh ar an gcrois é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse.
Ansin an méid a bheidh fágtha beo dínn, ardófar chun siúil sinn mar aon leo trí na néalta in airicis an Tiarna sa spéir, agus ar an gcuma sin beimid i dteannta an Tiarna go deo.
Is barántúil an ráiteas é sin, agus ba mhaith liom go gcuirfeása teannadh leis an méid sin, i dtreo, an mhuintir a chreideann i nDia, go gcaithfidís a ndúthracht le dea-oibreacha. Is maith iad na dea-oibreacha iontu féin agus is tairbheach iad do dhaoine.