Cuimhním freisin ar an gcreideamh glan sin agat. An creideamh úd a bhí ag do sheanmháthair Laoise romhat agus ag do mháthair Eunaícé, táim cinnte go bhfuil sé agatsa chomh maith.
Lean sé air go Deirbé agus as sin go Liostra. Bhí deisceabal ansiúd darbh ainm Tiomóid. Giúdach ab ea a mháthair agus í tar éis iompú chun an chreidimh agus Gréagach ba ea an t‑athair.
Tuigeann an rí na cúrsaí seo agus sin é an fáth a bhfuilim ag labhairt go neamhbhalbh ina fhianaise. Táim cinnte de nach bhfuil aon chuid den ghnó seo ag imeacht gan fhios air mar ní i gclúid a tharla sé.
Is eol dom agus táim deimhin de sa Tiarna Íosa nach neamhghlan ní ar bith ann féin; ach má chreideann duine go bhfuil rud neamhghlan is neamhghlan dó sin é.
Bíonn duine ann agus is rogha leis lá seachas a chéile; duine eile agus is mar a chéile leis gach aon lá. Bíodh gach duine socair faoin gceist ina aigne féin.
I dtaca libhse, a bhráithre liom, táim féin cinnte go bhfuil sibh lán de dhea-chroí agus go bhfuil fuílleach eolais den uile shórt agaibh agus gur féidir libh comhairle a thabhairt dá chéile.
Má chuireann tú na treoracha sin os comhair na mbráithre, beidh tú i do sheirbhíseach fónta ag Íosa Críost, mar go mbeidh tú do do chothú ar bhriathra an chreidimh agus an teagaisc fholláin atá leanta agat.
Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a d'fhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd.
agus tuigeann tú chomh maith go raibh eolas agat ó aois na hóige ar na scríbhinní naofa a bhfuil de chumas acu tú a dhéanamh eagnaí agus tú a sheoladh chun do shlánaithe trí chreideamh i gCríost Íosa.
Fuair na daoine seo go léir bás sa chreideamh sin gan na maitheasaí a gealladh dóibh a fháil. Ach chonaic siad uathu iad agus bheannaigh siad dóibh, mar a déarfá, agus d'admhaigh siad nach raibh iontu féin ach strainséirí agus coimhthígh ar dhroim an domhain seo.
Ach bíodh go labhraímid mar seo, a bhráithre ionúine, táimid cinnte de gur fearr ná sin an bhail atá oraibhse agus go bhfuil sibh ar bhealach bhur slánaithe.
Rinne sibh bhur n‑anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan.