Gabhaim buíochas le Dia, a bhfuilim ag seirbhís dó le coinsias glan mar a dhéanadh mo shinsir romham, gach uair dá gcuimhním ort i m'urnaithe, rud a dhéanaim de lá agus d'oíche.
Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus d'oíche le troscadh agus le hurnaithe.
Lean sé air: “Is Giúdach mise a rugadh i dTarsas na Siléise; tógadh sa chathair seo mé i mo dhalta ag Gamailíéil. Fuair mé oiliúint bheacht i ndlí ár sinsear agus bhí mé chomh dúthrachtach chun Dé agus atá sibhse go léir inniu.
Labhair Pól leis an tsainidrín agus é ag cur na súl tríothu: “A bhráithre,” ar seisean, “níl scrupall dá laghad ar mo choinsias faoin gcuma inar iompair mé mé féin i bhfianaise Dé go dtí an lá atá inniu ann.”
Admhaím an méid seo, áfach, gur de réir an Bhealaigh ar a dtugann siadsan Aicme, a thugaim ómós do Dhia ár sinsear agus go gcreidim gach ní dá bhfuil de réir an dlí agus scríofa sna fáithe.
Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n‑iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.
agus mar a sháraigh mé formhór lucht mo linne de mo chine féin i gcleachtadh an Ghiúdachais, de bharr na díograise thar meán a bhí ionam i dtaobh thraidisiúin mo shinsear.
An bhean atá ina fíorbhaintreach agus atá fágtha ina haonar sa saol, bíonn a muinín aici i nDia agus leanann sí ag guí agus ag urnaí de lá agus d'oíche.
Cuimhním freisin ar an gcreideamh glan sin agat. An creideamh úd a bhí ag do sheanmháthair Laoise romhat agus ag do mháthair Eunaícé, táim cinnte go bhfuil sé agatsa chomh maith.
agus tuigeann tú chomh maith go raibh eolas agat ó aois na hóige ar na scríbhinní naofa a bhfuil de chumas acu tú a dhéanamh eagnaí agus tú a sheoladh chun do shlánaithe trí chreideamh i gCríost Íosa.
Maidir liomsa, gura fada uaim peaca a dhéanamh in aghaidh an Tiarna trí scor de bheith ag guí ar bhur son agus do bhur dteagasc i slí an chirt agus na córa.