Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Tiomóid 1:15

An Bíobla Naofa 1981

Tá a fhios agat é seo, gur thréig a bhfuil san Áise mé, agus Figealas agus Hearmaganaes san áireamh.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Ghabh siad trí dhúiche Fhrigia agus Ghalaite ach ní ligfeadh an Spiorad Naomh dóibh an dea-scéal a fhógairt san Áise.

Lean an scéal mar sin ar feadh dhá bhliain ar shlí nach raibh duine dár chónaigh san Áise, Giúdach ná Gréagach, nár chuala briathar an Tiarna.

Is é baol atá ann nach ea amháin go dtarraingeofar míchlú ar an ngnó seo againne ach go ndéanfar beagní de theampall an bhandé mhóir Airtimis agus go gcaillfidh Airtimis féin a gradam - bandia a bhfuil urraim á tabhairt di ar fud na hÁise agus ar fud an domhain mhóir.”

Agus cuid de na huachtaráin chúige féin a bhí mór leis, chuir siad scéala chuige á mholadh dó gan é féin a thaispeáint san amharclann.

Táimid Pairtigh ann agus Méidigh agus Eilimítigh, áitritheoirí na Measpatáime agus Iúdáia agus Chapadóise, agus Phontais agus na hÁise,

Bhí socair ag Pól seoladh thar Eifeasas i dtreo nach gcuirfí aon mhoill air san Áise mar bhí dithneas air chun bheith in Iarúsailéim i gcomhair lá Cincíse dá mba fhéidir dó é.

Cuireann eaglaisí na hÁise a mbeannacht chugaibh. Na mílte beannacht sa Tiarna ó Acula agus ó Phriosca mar aon leis an eaglais a thagann le chéile sa teach acu.

Mar is iad a gcúrsaí féin agus ní hiad cúrsaí Íosa Críost is cás leis an gcuid eile ar fad.

Ag plé mo chúise dom don chéad uair ní raibh duine ar bith a sheas ceart dom; thréig an uile dhuine mé. Nár agraí Dia orthu é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí