Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Teasalónaigh 3:7

An Bíobla Naofa 1981

Tá a fhios agaibh féin cad atá agaibh le déanamh chun aithris a dhéanamh orainne. Ní raibh aon díomhaointeas orainne fad a bhíomar in bhur measc,

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Feiceann sí gur maith is fiú é a saothar agus ní mhúchtar a lampa san oíche.

Déanaigíse aithris ormsa mar a dhéanaimse aithris ar Chríost.

Impím oraibh dá bhrí sin aithris a dhéanamh orm.

Déanaigí aithris ormsa le chéile, a bhráithre. Bígí ag faire ar na daoine a dhéanann de réir an tsampla a thugaimid daoibh.

Má chuireann sibh i bhfeidhm an teagasc a mhúin mé daoibh agus a ghlac sibh uaim agus na nithe a chuala sibh nó a chonaic sibh mé a dhéanamh, beidh Dia na síochána faraibh.

Tá a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia go rabhamar ionraic macánta neamhurchóideach libhse, a bhfuil an creideamh agaibh.

Mairigí le chéile go síochánta. Impímid oraibh, a bhráithre, foláireamh a thabhairt do na daoine neamhchúiseacha, na daoine faiteacha a spreagadh, cabhrú leis na laga agus bheith foighneach le cách uile.

Táim ag tabhairt foláirimh daoibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, fanacht amach ó bhráthair ar bith a chaitheann a shaol díomhaoin agus nach leanann an treoir a fuair sibh uainne.

Ní hé nach bhfuilimid i dteideal ár gcoda ach d'fhonn sampla a thabhairt daoibhse chun go leanfadh sibh ár lorg.

Ná lig d'aoinne tú a dhíspeagadh mar gheall ar d'óige ach bí i d'eiseamláir do na creidmhigh ar chaint agus ar iompar, ar ghrá agus ar chreideamh agus ar naofacht.

agus bíse féin i d'eiseamláir acu ar gach cineál dea-iompair: ar ghlaine do theagaisc, ar stuaim

ná ag tiarnú orthu siúd atá faoi bhur gcúram ach in bhur samplaí don tréad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí