An t‑aingeal a d'fhuascail mé ó gach olc, go mbeannaí sé na buachaillí seo! Go maire mo ainmse iontu, agus ainm m'aithreacha Abrahám agus Íosác. Go dté siad i líonmhaire agus in iomadúlacht ar chlár na cruinne.”
Ghlaoigh Iabaez ar Dhia Iosrael á rá: “Má chuireann tú do bheannacht orm dáiríre, cuirfidh tú breis le mo chríocha, beidh do lámh le m'ais, déanfaidh tú mé a chumhdach ón olc agus beidh deireadh le mo bhroid.” Dheonaigh Dia dó gach ar iarr sé.
Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n‑achmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán.
Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.